Cé gur thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i bhformhór na dtoghranna Gaeltachta sa stát de réir figiúirí Dhaonáireamh 2022, tá údar dóchais ag muintir Chorca Dhuibhne agus ardú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga de ar an leithinis.
Níor thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ach i gceann amháin de na cúig thoghroinn is láidre ó thaobh na Gaeilge i gCorca Dhuibhne idir 2016-2022 agus chonacthas ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla i dtrí cinn acusan.
Tá Dún Chaoin ar cheann de na trí thoghroinn is láidre sa tír ó thaobh an chéatadáin den phobal a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí nua ó Dhaonáireamh 2022 go labhraíonn 64% de phobal Dhún Chaoin an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Ardú a bhí i gceist ansin ón 60% den phobal sa toghroinn a thug le fios i nDaonáireamh 2016 go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil.
Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn agus a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail.
Tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla i 32 toghroinn Ghaeltachta sa stát idir 2016-2022 ach ba é Corca Dhuibhne nach mór an t-aon áit go bhfacthas ardú i gceantair láidre Ghaeltachta.
Chomh maith leis an ardú a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla i nDún Chaoin, bhí arduithe i gceist freisin i gCill Chuáin nó Paróiste Múrach, ó 56% in 2016 go dtí 63% in 2022 agus i Márthain, ó 50% go dtí 55%. Níor tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla i nDún Urlann nó i bParóiste an Fheirtéaraigh le linn na tréimhse céanna, rud a fhágann go bhfuil na ceithre thoghroinn sin i measc na gceantar is láidre sa stát ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge de.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Dún Chaoin | 204 | 130 | 64% | 60% |
Cill Chuáin (Paróiste Múrach) | 405 | 257 | 63% | 56% |
Dún Urlann (Paróiste an Fheirtéaraigh) | 471 | 266 | 56% | 56% |
Márthain | 250 | 137 | 55% | 50% |
Cill Maoilchéadair (Paróiste na Cille) | 501 | 235 | 47% | 52% |
Ceann Trá | 415 | 119 | 29% | 35% |
An Clochán | 253 | 66 | 26% | 29% |
Cé Bhréanainn | 151 | 36 | 24% | 26% |
Na Gleannta | 1,749 | 384 | 22% | 20% |
Cinn Aird | 321 | 66 | 21% | 18% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gCiarraí a fheiceáil
Tháinig ardú i dtrí thoghroinn eile i gCorca Dhuibhne – Na Gleannta (ó 20% go dtí 22%), Cinn Aird (18% go dtí 21%) agus Sráidbhaile (2% go dtí 6%).
D’fhág titim i gCill Maoilchéadair nó Paróiste na Cille go bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge anois ina mionlach sa toghroinn áirithe sin agus an figiúr tite ó 52% in 2016 go dtí 47% in 2022.
Tá ábhar dóchais i dtorthaí Dhaonáireamh 2022 do roinnt ceantar in Uíbh Ráthach chomh maith. Den 11 toghroinn Ghaeltachta sa cheantar, níor tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge ach i gcúig cinn acu.
Is í Toghroinn Fhíonáin anois an toghroinn is láidre ó thaobh na teanga de i nGaeltacht Chiarraí Theas agus 14% den phobal ansin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, ardú ón 8% a bhí ann in 2016. Ardú beag a bhí i gCeannúigh/Máistir Gaoithe, ó 8% go dtí 9%. Is 9% den phobal i mBaile an Sceilg atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge chomh maith agus gan aon athrú tagtha ar an gcéatadán sin ó 2016.
GAILLIMH
Níl an t-údar dóchais céanna is atá i gCiarraí ann i gcás na Gaillimhe, an contae Gaeltachta is láidre sa tír.
Níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ach i dtrí cinn den 39 toghroinn Ghaeltachta sa chontae.
Bhí dea-scéal do lucht na teanga ar Oileáin Árann agus céatadán na gcainteoirí laethúla ardaithe ó 57% go dtí 59%. De réir an daonáirimh is deireanaí, bhí nach mór 90 cainteoir laethúil Gaeilge breise ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr le hais mar a bhí ar na hoileáin sin in 2016.
Bhí arduithe beaga le feiceáil freisin i dtoghranna Bhearna (Contae) agus Bhinn an Choire.
Tá An Turlach (Ros Muc) agus Sailearna (Cois Fharraige Thiar) ar phéire de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga de i nGaillimh agus níor tháinig athrú ar líon na gcainteoirí laethúla sna toghranna sin idir 2016-2022 ach bhí titim shuntasach le feiceáil i gceantair láidre eile.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Camas | 318 | 202 | 64% | 66% |
Leitir Móir | 862 | 549 | 64% | 71% |
Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin) | 1,290 | 814 | 63% | 72% |
Loch na Scainmhe (Carna/Cill Chiaráin) | 588 | 364 | 62% | 67% |
An Turlach (Ros Muc) | 537 | 326 | 61% | 61% |
Sailearna (Cois Fharraige Thiar) | 1,457 | 867 | 60% | 60% |
An Crompán (An Cheathrú Rua) | 2,573 | 1,542 | 60% | 65% |
Árainn | 1,311 | 768 | 59% | 57% |
Cill Chuimín (Ros an Mhíl) | 1,353 | 779 | 58% | 61% |
Cill Aithnín (Cois Fharraige Thoir) | 1,072 | 587 | 55% | 56% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i nGaillimh a fheiceáil
Tá céatadán níos mó de chainteoirí laethúla Gaeilge i Leitir Móir anois ná mar atá i nach mór aon toghroinn eile sa tír ach thit an figiúr sin ó 71% in 2016 go dtí 64% in 2022. Mhéadaigh daonra an cheantair le linn na tréimhse sin ach thit líon na gcainteoirí laethúla ó 575 go dtí 549.
Bhí an scéal céanna ag toghroinn eile i gCeantar na nOileán, Garmna. De réir Dhaonáireamh 2016, bhí 72% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, an céatadán ab airde sa tír, ach tá sé sin anois tite go dtí 63% agus líon na gcainteoirí laethúla laghdaithe ó 899 go dtí 814 tráth ar tháinig fás ar an daonra sa toghroinn.
Ní raibh an titim chomh mór céanna i gCamas, atá áirithe anois i dteannta Leitir Móir agus Dún Chaoin ar na toghranna is láidre sa stát ó thaobh na Gaeilge, ach mar sin féin is titim a bhí i gceist ar chéatadán na gcainteoirí laethúla ansin ó 66% go dtí 64%.
Níor tháinig ach laghdú beag ar líon na gcainteoirí laethúla ar an gCrompán (An Cheathrú Rua) idir 2016-2022 ach, arís, d’fhág an t-ardú a tháinig ar an daonra sa cheantar le linn na tréimhse céanna gur thit céatadán na gcainteoirí laethúla ó 65% go dtí 60%.
D’ardaigh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar an Spidéal ó 659 in 2016 go dtí 664 in 2022 ach toisc gur tháinig fás níos mó ar an daonra, thit céatadán na gcainteoirí laethúla ó 47% go dtí 37%.
Thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 28 ceann de na toghranna Gaeltachta i nGaillimh idir 2016-2022. Is ionann sin agus titim i mbreis is 70% den 39 toghroinn Ghaeltachta sa chontae.
DÚN NA nGALL
I nDún na nGall, tháinig ardú ar chéatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge, nó d’fhan siad mar a bhí, i mbreis is 60% den 49 toghroinn Ghaeltachta ach cúis imní atá ann gurb amhlaidh a thit an céatadán i ngach ceann de na 10 dtoghroinn is láidre.
Is í Mín an Chladaigh an toghroinn is láidre i nGaeltacht Dhún na nGall ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge de anois agus é tugtha le fios ag 55% den phobal sa cheantar go labhraíonn siad an teanga chuile lá ach laghdú atá ansin ón 58% a bhí i gceist in 2016.
Thit an céatadán i nGort an Choirce ó 58% go dtí 52% idir 2016-2022 agus laghduithe beaga a bhí i Machaire Chlochair (54% go dtí 53%) agus i nDún Lúiche (51% go dtí 50%), na trí thoghroinn eile i nDún na nGall ina bhfuil breis is leath den phobal go fóill ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Bhí Árainn Mhór (47% go dtí 37%), Anagaire (34% go dtí 30%) agus Na Croisbhealaí (24% go dtí 21%) i measc na dtoghranna eile inar tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 2016-2022.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Mín an Chladaigh | 1,358 | 747 | 55% | 58% |
Machaire Chlochair | 2,761 | 1,461 | 53% | 54% |
Gort an Choirce | 1,643 | 860 | 52% | 58% |
Dún Lúiche | 671 | 337 | 50% | 51% |
Árainn Mhór | 474 | 174 | 37% | 47% |
Cró Bheithe | 158 | 51 | 32% | 39% |
Anagaire | 2,212 | 658 | 30% | 34% |
An Ghrafaidh | 149 | 39 | 26% | 30% |
Baile na Finne | 283 | 69 | 24% | 31% |
Na Croisbhealaí | 2,015 | 418 | 21% | 24% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i nDún na nGall a fheiceáil
Ba í toghroinn Chill Ghabhlaigh, ina bhfuil Gleann Cholm Cille, an toghroinn is láidre i nDún na nGall inar tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge agus an figiúr ardaithe ó 13% in 2016 go dtí 16% in 2022.
Tá 10% de na pobail i gCill Charthaigh agus in Inis Caoil anois ina gcainteoirí laethúla Gaeilge chomh maith de dheasca arduithe a léiríodh sa dá háit.
Tháinig ardú ar chéatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 15 toghroinn Ghaeltachta ar fad i nDún na nGall idir 2016-2022, ach arduithe beaga a bhí i gceist den chuid is mó.
Foilseofar ar Tuairisc amárach anailís ar fhigiúirí na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó Dhaonáireamh 2022 do na toghranna Gaeltachta i gCorcaigh, i Maigh Eo, i gcontae na Mí agus i bPort Láirge.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí daonáirimh nua, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá