Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ba-choir-do-choiste-naisiunta-gaeilge-diriu-ar-an-dushlan,-seachas-a-bheith-ag-iarraidh-ealu-on-dli’ 

‘Ba chóir do choiste náisiúnta Gaeilge díriú ar an dúshlán, seachas a bheith ag iarraidh éalú ón dlí’ 

| Tuairisc.ie | ,

Deir Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge nach mbeidh aon ghlacadh acu le haon iarracht brí nua a bhaint as sprioc an Stáit gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.  

Léirigh iniúchadh a rinne Tuairisc go bhfuil coiste reachtúil náisiúnta anois ag maíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc 20% sin agus gur féidir daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith. 

Ach deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus cathaoirleach an choiste oireachtais a thug a mbeannacht don sprioc, go bhfuil “breall” ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge má shíleann siad gur féidir brí eile a bhaint as an reachtaíocht teanga a tugadh isteach ag deireadh 2021.  

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc go ndúirt Jack Chambers, an t-aire stáit a thug an reachtaíocht isteach, “lom amach” gur earcaigh nua a bhí i gceist le príomhchuspóir an dlí nua. 

“Thuig muid ar fad uaidh ag an am go raibh sé dáiríre faoin riail i gcás 20% d’earcaigh nua, agus dá réir sin bheadh an Coiste Comhairleach, má leanann siad leis an bport atá acu, ag teacht salach ar mheon an Aire,” arsa Aengus Ó Snodaigh.  

Deir Ó Snodaigh gur gá d’Aire na Gaeltachta Catherine Martin aird a thabhairt ar iniúchadh Tuairisc agus “treoir” a thabhairt don choiste náisiúnta “díriú isteach ar an obair dhúshlánach atá rompu” in áit a bheith “ag iarraidh teacht timpeall ar a ndualgais reachtúla, atá aitheanta ag airí an Rialtais féin”.  

“Tá an Coiste Comhairleach in ainm is a bheith ag cur plean le chéile chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeilge ina dteanga féin, agus tá a lán oibre le déanamh chun na postanna ar leith a aithint ina bhfuil daoine le Gaeilge ag teastáil chun seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar i ngach earnáil den tseirbhís phoiblí,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh. 

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go raibh comhaontú sa Dáil agus sa Seanad faoin sprioc 20% agus nár cheart a bheith ag iarraidh teacht ar “seift éicint” chun éalú ón dualgas sin nó a bheith ag “lorg lúb ar lár” sa dlí nach ann di. 

Deir Conradh na Gaeilge gurb í an tuiscint chéanna a bhí acusan ar bhrí na reachtaíochta nuair a bhí siad i mbun stocaireachta chun an sprioc 20% a bhaint amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú). Dar leis an gConradh gur bhain agus go mbaineann an sprioc 20% “le hearcaigh nua ag dul isteach den chéad uair san earnáil phoiblí”.  

“Ní raibh daoine atá cheana féin san earnáil phoiblí a bhaineann arduithe céime amach san earnáil phoiblí san áireamh sa phlé a bhí againn le polaiteoirí agus le hairí,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.  

 “Chomh maith leis sin ní raibh státseirbhísigh a gcuirfear traenáil Ghaeilge orthu san áireamh sa sprioc 20%. Beidh an Conradh ag bualadh leis an gCoiste Comhairleach Dé hAoine seo chugainn agus beimid ag plé na ceiste seo leo ansin, i measc ábhar eile a bheidh ar an gclár, le cinntiú go gcuirfear forálacha an Achta i bhfeidhm.” 

Léirigh anailís a rinne Tuairisc ar ráitis rialtais, ar dhíospóireachtaí Dála, ar thuarascálacha oifigiúla agus ar mhiontuairiscí cruinnithe go bhfuil brí nua á baint anois as mórsprioc na reachtaíochta agus go bhfuil an bhrí sin á cur chun cinn de réir a chéile. 

Ag deireadh na bliana 2022 is mó atá an t-athrú seo le tabhairt faoi deara. 

De réir miontuairiscí chruinnithe an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, dúradh ag cruinniú amháin go bhféadfaí “líon leathan daoine” a áireamh faoin 20% ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite leis an bhforáil a bhaineann le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu. 

Is é a deir an reachtaíocht ná go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí”.  Caithfear an sprioc a bhaint amach “tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030”. 

Glacadh go forleathan leis gurb é a bhí i gceist leis sin ná gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus b’in a thug airí Gaeltachta, polaiteoirí an fhreasúra agus baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge le fios le linn an nach mór 40 uair an chloig de phlé a rinneadh faoin reachtaíocht i dTithe an Oireachtais. 

Is “20% d’earcaigh nua” atá luaite i gclár an Rialtais chomh maith agus an téarmaíocht chéanna a úsáideadh i ndiaidh fhoilsiú agus achtú an bhille teanga ag deireadh 2021. 

Go deimhin, an lá céanna ar ghlac Tithe an Oireachtais leis an reachtaíocht nua, an 15 Nollaig 2021, dúirt Jack Chambers, an t-aire stáit Gaeltachta a thug an bille isteach: 

“Féachfar leis an mBille le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030, agus gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stáit ar fáil taobh istigh de limistéir Ghaeltachta.” 

Níos mó