Chuir Siún Ní Raghallaigh, a d’éirigh as mar Chathaoirleach Bhord RTÉ aréir, iarard-rúnaí Roinn Aire na Meán, Catherine Martin, ar an eolas faoi phacáiste scoir conspóideach a íocadh le bainisteoir in RTÉ.
De réir tuairisce ar an Irish Independent, phléigh Ní Raghallaigh an scéal i mí Dheireadh Fómhair seo caite le hiar-ard-rúnaí na Roinne, Katherine Licken, ar chríochnaigh a téarma an mhí seo caite.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an gclár Prime Time ar RTÉ aréir gur tugadh eolas mícheart faoi dhó di faoin scéal gur thug Bord RTÉ a mbeannacht do phacáiste scoir Richard Collins.
Chuir Martin i leith Shiún Ní Raghallaigh nár chuir sí an t-aire ar an eolas faoin gcnapshuim scoir a bhí faofa aici. Ní raibh Martin sásta a rá go raibh muinín aici i Ní Raghallaigh.
Ina dhiaidh sin, thart ar 1am ar maidin, d’fhógair Ní Raghallaigh, ar cainteoir líofa Gaeilge agus iarchathaoirleach ar TG4 í, go raibh sí ag éirí as an mbord.
Dúirt sí ina ráiteas gur chuir sí oifigigh Catherine Martin ar an eolas faoin bpacáiste scoir i mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gur briseadh as a ról Ní Raghallaigh gan aon choinne ar chlár teilifíse.
Dúirt Bacik go raibh sé ag éirí níos deacra cás a dhéanamh gur chóir don Aire Martin fanacht ina post.
Dúirt Bacik go raibh cúrsaí ina gcíor thuathail mar gheall ar an tslí ar láimhseáil Martin an scéal agus dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre nár thuig sí cén fáth nár labhair an tAire le Siún Ní Raghallaigh roimh dhul ar Prime Time.
Dúirt cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, Brian Stanley ó Shinn Féin, gurb é a bhí tarlaithe “go bunúsach” ná gur thug Aire na Meán “bata agus bóthar” ar chlár teilifíse do chathaoirleach RTÉ
Ghabh an tAire Catherine Martin buíochas le Siún Ní Raghallaigh as a cuid oibre mar chathaoirleach ar bhord RTÉ “tráth a raibh géarchéim nár facthas a leithéid cheana sa chraoltóir náisiúnta”.
Dúirt Martin go raibh obair thábhachtach déanta ag Ní Raghallaigh i dtaca leis an athbhreithniú agus na leasuithe atá á ndéanamh ar RTÉ.
Tá cosaint déanta ag airí rialtais eile ar an agallamh a rinne Catherine Martin ar Prime Time.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ar Morning Ireland ar RTÉ gur thug Catherine Martin “fíricí” an scéil san agallamh.
Dúirt ceannasaí RTÉ Kevin Bakhurst gur oth leis fógra an chathaoirligh go raibh sí ag éirí as. B’iontach an cathaoirleach Ní Raghallaigh agus bhí obair mhór déanta aici ar mhaithe le RTÉ a thabhairt slán ó na dúshláin atá roimhe, a dúirt sé.