Tá Leo Varadkar chun éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael.
Tuairiscítear go bhfógróidh sé ag meán lae go bhfuil faoi seasamh siar ón dá ról.
Bhí go leor ráflaí ag dul thart i dTeach Laighean ar maidin go raibh sé i gceist ag Varadkar éirí as.
Meastar go bhfanfaidh sé ina Thaoiseach nó go gceapfar ceannaire nua ar Fhine Gael.
Bainfidh a chinneadh siar as an aos polaitiúil agus as an bpobal agus bliain fágtha i dtéarma an Rialtais.
Tuilleadh le teacht…
Fág freagra ar ‘Leo Varadkar ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael’