Tá glactha ag ceardchumainn le comhaontú nua pá a bhfuiltear ag súil a thabharfaidh ar ais an liúntas do mhúinteoirí Gaeltachta. Faoin mhargadh pá ar ghlac na ceardchumainn inné leis, beidh ciste €100 milliún ar fáil don INTO le caitheamh ar liúntais, liúntas Gaeltachta ina measc.
Faoin mhargadh nua, beidh ciste €33 milliún ar fáil don INTO ón chéad lá de mhí Mheán Fómhair 2025 le caitheamh ar liúntais mar chuid den mhargáil logánta a dhéanfar leis an Roinn Oideachais.
Tá 2% den chaiteachas, arb ionann é agus €67 milliún, geallta faoin chomhaontú pá a thiocfaidh i bhfeidhm i ndiaidh 2026.
Ag labhairt dó le Tuairisc faoin mhargadh nua atá déanta ag na ceardchumainn leis an rialtas. Dúirt Rúnaí Ginearálta Chumann Múinteoirí Éireann, John Boyle le Tuairisc go raibh tacaíocht láidir i measc bhaill na gceardchumann go bhfaighidís ar ais na liúntais a cailleadh le roinnt blianta anuas.
“Beidh ciste de €100 milliún ar fáil ag Cumann Múinteoirí Éireann don idirbheartaíocht sa mhargadh áitiúil. Beidh an ceardchumann ag dul i gcomhairle le baill ar feadh cúpla mí, sula gcuireann muid ár liosta isteach chuig an Roinn Oideachais.
“Chaill bunmhúinteoirí lear mór liúntas ó 2012. De réir dealraimh ceapann baill Chumann Múinteoirí Éireann go mbeidh sé tábhachtach iad uilig a fháil ar ais chomh luath agus is féidir,” a dúirt Boyle.
Dúirt Boyle cheana le Tuairisc go raibh an-dóchas air go n-éireodh an uair seo leis an éileamh an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais mar gheall ar Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann [INMO] a bheith ag tacú lena n-éileamh.
“Tá an meon céanna ag Phil Ní Sheaghdha agus an IMNO. Tá an t-airgead acu le caitheamh air agus caithfidh na baill aontú ar an airgead a chaitheamh.
“An uair dheireanach bhí airgead againn le caitheamh ar an liúntas Gaeltachta agus oileánda ach bhí bac orainn mar gheall ar an chlásal a deir go bhfuil ar na ceardchumainn aontú air. Tá an INMO i bhfad níos toilteanaí faoin cheist agus táthar ag iarraidh go dtabharfaí ar ais é.
“Tá an méid sin airgid ar fáil do na ceardchumainn uilig mar sin tá an-seans ann go n-éireoidh leis,” a dúirt Boyle.
Roimh 2012 d’íoctaí liúntas €3,455 le múinteoirí sa Ghaeltacht. Ní bhfuair aon mhúinteoir nua a fostaíodh i ndiaidh 2012 an liúntas Gaeltachta ach íocadh é le hoibrithe a raibh an liúntas acu roimhe sin.
I gcás na ndochtúirí agus na n-altraí sa Ghaeltacht, b’ionann an liúntas agus 8% de thuarastal an oibrí.
Rinne an INTO agus INMO comhéileamh den chéad uair go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta sna cainteanna a bhí ag lucht ceardchumainn agus an rialtas faoi chomhaontú pá nua d’oibrithe na hearnála poiblí.
Dúirt Phil Ní Sheaghdha, Ard-Rúnaí an IMNO, le Tuairisc, go raibh sé “riachtanach” go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta d’oibrithe sa tseirbhís sláinte atá ag obair sa Ghaeltacht le breis daoine a mhealladh chun oibre sa Ghaeltacht.