Tá ráite ag Éamon Ó Cuív gur chóir cuid de phobal Ghaeltacht Mhaigh Eo a chur isteach i dtoghcheantar Chonamara do thoghchán Údarás na Gaeltachta.
Tá sé deimhnithe anois ag an Rialtas nach mbeidh na toghcháin do bhord an Údaráis ag dul ar aghaidh i mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe toisc nach mbeidh an reachtaíocht réidh in am agus deir Ó Cuív gur chóir an deis a thapú roinnt leasuithe a dhéanamh.
I measc na leasuithe a bheidh á moladh aige, deir an t-iar-aire Gaeltachta gur chóir muintir Thuar Mhic Éadaigh agus an chuid eile de phobal Ghaeltacht dheisceart Mhaigh Eo a chur isteach i dtoghcheantar na Gaillimhe do thoghcháin an Údaráis.
Faoi mholtaí an Rialtais, níl ach ball amháin ó Ghaeltacht Mhaigh Eo le toghadh ar bhord nua Údarás na Gaeltachta. Maíonn Ó Cuív go bhfágann cúrsaí daonra go bhfuil sé beagnach cinnte gur iarrthóir ó cheantar Iorrais in iarthuaisceart an chontae a bheidh i gceist, ceantar atá “píosa fada ar shiúl” ó Thuar Mhic Éadaigh, atá buailte ar an teorainn le Gaillimh.
Deir Ó Cuív go mb’fhearr an rogha a thabhairt do mhuintir Thuar Mhic Éadaigh a bheith istigh i dtoghcheantar na Gaillimhe do thoghcháin an Údaráis, dar leis-sean, agus níos mó seans ann go dtoghfaí duine ó Dhúiche Sheoigheach nó ón gceantar máguaird.
“Tá triúr le bheith tofa i nGaillimh agus duine le bheith tofa i Maigh Eo. Creidim gur cheart dul i gcomhairle le muintir Thuar Mhic Éadaigh, atá i gceantar pleanála teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.
“Is é sin an t-aon cheantar ina dtéann teorainn na Gaeltachta thar theorainn contae. Ba cheart an rogha a fhágáil fúthu ar mhaith leo a bheith áirithe i dtoghcheantar na Gaillimhe agus a bheith istigh le Dúiche Sheoigheach nó ar mhaith leo a bheith i dtoghcheantar Mhaigh Eo.”
Deir Ó Cuív go mbeadh sé “an-éasca” an t-athrú a dhéanamh agus nach gá ach a chur sa reachtaíocht go bhfuil na toghcheantair bunaithe ar na limistéir pleanála teanga.
Tá cuid de dheisceart Mhaigh Eo curtha i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar ach níl Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh san áireamh ansin. Tá molta ag an gCoimisiún Toghcháin go n-aistreofaí an chuid de Mhaigh Eo atá i nDáilcheantar Ghaillimh thiar ar ais chuig Dáilcheantar Mhaigh Eo don chéad olltoghchán eile.
Deir Éamon Ó Cuív freisin gur cheart an reachtaíocht a leasú chun a chinntiú go bhfuil ionadaí do na hoileáin Ghaeltachta ar bhord an Údaráis.
“Beidh mise ag moladh go láidir go mbeidh ball a bhfuil buanchónaí orthu ar oileán Gaeltachta ainmnithe ar bhord Údarás na Gaeltachta,” a dúirt sé.
Bord 16 comhalta atá le bheith i gceist. Déanfaidh an pobal deichniúr a thoghadh agus roghnófar an seisear comhaltaí eile trí chomórtas poiblí. Ag moladh gur ó oileán Gaeltachta a bheidh duine den seisear sin atá Ó Cuív.
Dúirt Ó Cuív go raibh sé mar nós aige nuair a bhí sé ina aire duine ó oileán Gaeltachta a ainmniú ar bhord Údarás na Gaeltachta ach nach raibh sé sin leagtha amach sa reachtaíocht.
Tar éis don Rialtas ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) a fhoilsiú an tseachtain seo caite, deimhníodh nach mbeadh na toghcháin á reáchtáil ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 7 Meitheamh. Níl aon dáta nua socraithe d’fhilleadh thoghchán an Údaráis.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais le Tuairisc go bhfuil cinneadh le déanamh ag an gcoiste an tseachtain seo an bhfuil siad chun scrúdú réamhreachtaíochta a dhéanamh ar na ceannteidil nuafhoilsithe nó an bhfanfar go bhfoilseofar an bille féin. Reáchtáil an coiste sraith cruinnithe faoi fhilleadh na dtoghchán anuraidh.