Tá díomá léirithe ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil feidhmiú an chórais nua faoina gcuirfear dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil le cur siar ag an Rialtas.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, tá córas nua na gcaighdeán le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo, ach tá an Rialtas ag iarraidh an reachtaíocht a leasú chun síneadh a chur le córas na scéimeanna teanga.
Tá cinneadh déanta le fada go gcaithfí i dtraipisí córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta, scéimeanna a chuireann ceangal orthu seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge.
In áit chóras na scéimeanna tá scéim na gcaighdeán le tabhairt isteach, scéim faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga go raibh sé ag éirí as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.
Sna ceannteidil a foilsíodh ar Bhille Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite, bhí leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla luaite, leasú a d’fhágfadh go bhfanfadh scéimeanna teanga i bhfeidhm go dtí go bhforordófar caighdeáin teanga.
Deir an Roinn gur “iarmhairt neamhbheartaithe” a bhí ann go n-ordaítear san acht go dtiocfaidh deireadh leis na scéimeanna teanga laistigh de thrí bliana tar éis rith an Achta. Deir an Roinn nach bhfuiltear “ag súil leis” go ndéanfar caighdeáin teanga a fhorordú do gach comhlacht poiblí a bhfuil scéim teanga i bhfeidhm acu “laistigh den chreat ama sin”.
Deir Roinn na Gaeltachta go gcaithfear síneadh a chur le córas na scéimeanna chun a chinntiú nach dtiocfaidh aon laghdú ar an tseirbhís a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil trí Ghaeilge.
Nuair a bhí an reachtaíocht teanga á plé i dTeach Laighean le linn 2021, bhí polaiteoirí ón Rialtas agus ón bhfreasúra ag éileamh ar an Roinn dréacht de na caighdeáin teanga a chur ar fáil ionas go bhfeicfí céard iad na cineálacha dualgas a bhí ar intinn ag an Rialtas do na cineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí.
Bhí an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar dhuine díobh siúd agus deir sé anois go bhfuil díomá air nach bhfuil an córas nua le bheith réidh trí bliana ó ritheadh an tAcht. Dúirt sé más gá cur i bhfeidhm an chórais a chur siar gur chóir go mbeadh spriocdháta soiléir nua ann dó, rud nach bhfuil luaite i gcinn an bhille.
“Más féidir leis an Aire a chruthú nach féidir é a dhéanamh in am, rud a chuirfeadh díomá orm, ghlacfadh mé leis agus beidh mé ag brú go láidir go mbeidh dáta leagtha síos sa reachtaíocht,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.
Dúirt Ó Cuív go bhfuil sé feicthe “go rómhinic” go leagtar síos foráil in acht ach nach dtugtar feidhm di riamh.
“Sin é an fáth gur chuir muid an tréimhse trí bliana d’fheidhmiú gach foráil san Acht an chéad lá riamh,” a dúirt sé.
Chuir Ó Cuív milleán ar iar-aire na Gaeltachta Patrick O’Donovan faoin moill a bhí le feidhmiú na bhforálacha uile san Acht Teanga agus dúirt gur fhág an tréimhse a bhí ag fear Fhine Gael mar aire stáit go raibh “bliain is ceathrú caillte go hiomlán againn”.
Dúirt Ó Cuív go mbeadh sé ag obair “go dlúth” leis an Aire Stáit nua Thomas Byrne, comhghleacaí leis ó pháirtí Fhianna Fáil, ar leasú bhille an Údaráis.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur fhág an mhoill ar chóras na gcaighdeán go raibh teipthe ar an Rialtas gealltanas eile i leith na teanga a chomhlíonadh.
Dúirt sé go raibh súil aige go bhfoilseodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge na caighdeáin mholta mar chuid den tuarascáil atá le foilsiú i rith an tsamhraidh.