Ba “náireach” agus “éagórach” an beart é ag póilíní na Gearmáine cosc a chur ar úsáid na Gaeilge ag campa agóide ar son na Palaistíne taobh leis an Reichstag in Berlin.
Bhí timpeall 40 duine i láthair ag an ócáid a ndúirt lucht a heagraithe gur oíche cheoil agus comhrá i nGaeilge a bhí ann.
Dúirt na póilíní leis an ngrúpa go raibh cosc ar labhairt agus canadh as Gaeilge ag an gcampa mar nach raibh aistritheoir cláraithe i láthair chun a chinntiú nach gríosú chun fuatha nó foréigin a bhí ar bun.
Cuireadh in iúl dóibh chomh maith go raibh cosc ar bhratach a raibh ‘Saoirse don Phalaistín – Bheirlín’ breactha uirthi.
Tuairiscítear go ndúradh leis an ngrúpa go ngabhfaí iad mura bhfágaidís an áit agus gur chuir na póilíní scaipeadh na mionéan orthu.
Tugadh le fios don ghrúpa nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí.
Ceadaítear Araibis chomh maith i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.
Dúirt lucht eagraithe na hócáide Gaeilge – Irish Bloc Berlin agus Bezetzung gegen Besatzung [Forghabháil in aghaidh na Forghabhála] – gurb í an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar an tslí go mbíonn na póilíní níos déine ar ghrúpaí cainteoirí Araibise ná mar a bheidís ar ghrúpa cainteoirí Gaeilge ar daoine geala a bhformhór.
Deir an lucht eagraithe go raibh an cosc ar labhairt na Gaeilge “éagórach agus míbhunreachtúil”.
Tá cáineadh á dhéanamh le tamall ar údaráis na Gearmáine as dul ródhian ar ar dhaoine a bhíonn ag agóid in aghaidh an rialtais agus ar son na Palaistíne agus maítear go mbítear níos déine fós ar lucht labhartha na hAraibise.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus go raibh sé “náireach” go gcuirfeadh póilíní na Gearmáine cosc ar a húsáid.
Dúirt Irish Bloc Berlin gurb í an chúis a tugadh dóibh as cinneadh na bpóilíní cur isteach orthu ná nach raibh ateangaire
cláraithe ar an láthair. Cuireadh cosc ar an nGaeilge “in ainneoin go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an AE”, a dúradh.
“Cuireann an gníomh seo isteach ar ár gcearta bunúsacha mar shaoránaigh de chuid na hEorpa cruinniú le chéile agus ár dteanga dhúchais a labhairt. Is sárú soiléir chomh maith é ar dhlí na Gearmáine agus an AE.”
Deir na póilíní gur sárú a bhí san agóid Dé hAoine seo caite ar an Acht um Shaoirse Cruinnithe atá i bhfeidhm in Berlin.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn “gur iompar náireach ag póilíní na Gearmáine” a bhí i gceist.
“Feictear dúinn nach bhfuil aon chúis ann go gcuirfí iachall ar dhaoine Gearmáinis nó Béarla amháin a labhairt ag agóid ar son na Palaistíne sa Ghearmáin.
“Sa chás seo, cuireadh in iúl dúinn go ndúradh le roinnt cainteoirí Gaeilge a bhí ag freastal ar agóid nach raibh cead acu Gaeilge a úsáid, teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
“Dar linne, iompar náireach é seo ag póilíní na Gearmáine ar chóir dóibh, dar linne, seasamh le cearta teanga shaoránaigh an AE seachas na cearta teanga a shéanadh orthu.
“Is é tuairim Chonradh na Gaeilge gur chóir sos comhairc buan a chur i bhfeidhm láithreach sa Phalaistín agus feictear dúinn nach bhfuil aon chúis nach mbeadh daoine in ann tacú leis sin as Gaeilge.”