Bainisteoir Acmhainní Daonna agus Forbartha Foirne
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Sé Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) an tseirbhís aitheanta Náisiúnta a chuireann seirbhísí luathbhlianta ar fáil ar fud na Gaeltachta.
Tá os cionn 130 seirbhís luathbhlianta faoi stiúir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus tá oifigí ag an Eagraíocht i chuile mhór-cheantar Gaeltachta.
Tá post mar Bhainisteoir Acmhainní Daonna agus Forbartha Foirne á thairiscint ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus beidh an té a cheapfar ag feidhmiú mar chuid d’fhoireann dhíograiseach na hEagraíochta. Is post sinsearach, lánaimseartha é agus beidh an duine a cheapfar i mbun oibre i gceann dá oifigí CNNG (Ceathrú Rua, Gaoth Dobhair, Tuar Mhic Éadaigh, Baile Mhic Íre).
Beidh an té a cheapfar freagrach do Príomhfheidhmeannach Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.
Fáilteofar roimh iarrthóirí leis na Scileanna agus Cáilíochtaí seo a leanas:
- Cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal i nGnó, Acmhainní Daonna, Bainistíocht nó a chomhionann.
- Taithí 3 bliana ar a laghad ag obair ag ard leibhéal bainistíochta.
- Taithí láidir i mbainistiú agus forbartha foirne.
- Cúlra cruthaithe i mbainistíocht Acmhainní Daonna.
- Eolas láidir ar an dlí fostaíochta agus ar an dlí sláinte agus sábháilteachta agus rialachais.
- Scileanna cumarsáide agus cur i láthair den scoth ó bhéal agus i scríbhinn.
- Scileanna láidir anailíse, idirbheartaíochta agus aird ar mhionsonraí.
- An cumas oibre a bhainistiú agus a chur in ord tosaíochta.
- Ceadúnas Iomlán tiomána.
Tá sonraí poist le sainmhíniú ar an ról le fáil ar shuíomh idirlín na heagraíochta: www.cnng.ie
Is féidir litir iarratais agus CV reatha i nGaeilge a sheoladh ar ríomhphost chuig: An Príomhfheidhmeannach ar r-phost amháin ag: eolas@cnng.ie
Ba chóir sonraí teagmhála do dhá mholtóir a sholáthar le d’iarratas.
Spriocdháta d’iarratais: Aoine 17ú Bealtaine 2024 roimh 4.00 i.n.
Socrófar tuarastal agus coinníollacha oibre leis an té a cheapfar.
Is fostóir comhionannas é Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.
Job Features
Job Category | Oideachas |