Comórtas d’Intéirneachtaí 2024-25 in institiúidí an Aontais Eorpaigh
Ollscoil na Gaillimhe
Téarma Seasta
An tAontas Eorpach
31/05/2024
Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúcháin oibre a dhéanamh in institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar oiread agus seisear san iomlán ar feadh tréimhse 9 mí dar tús mí Dheireadh Fómhair 2024.
Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil don intéirneacht seo.
Beidh na hintéirnigh seo lonnaithe in oifigí éagsúla na n-institiúidí ar Mhór-Roinn na hEorpa.
Tá téarmaí agus coinníollacha an chomórtais, mar aon le foirm iarratais, le fáil ar líne ag an seoladh seo a leanas: https://acadamh.ie/acadamh/ionad-barr-feabhais/
Is é Dé hAoine an 31 Bealtaine ar 12 meán lae an spriocdháta