01.12.2020 – Sealbhú Teanga a Threisiú thar Ábhair Éagsúla
01.12.2020 – Sealbhú Teanga a Threisiú thar Ábhair Éagsúla
@ Ar líne - Zoom
Léacht nó CaintCLÁRAIGH ANSEO: Seimineáir ar líne | Gaeloideachas
Téama: Gnéithe den dea-chleachtas agus gníomhaíochtaí éagsúla le sealbhú teanga a threisiú thar ábhair éagsúla ag an iar-bhunleibhéal
Dírithe ar: Múinteoirí iar-bhunscoile
Am agus áit: 1 Nollaig 2020, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Annette Uí Mhurchú, Coláiste Daibhéid, Evelyn Ní Raghaill, Coláiste na Tulchann agus Seán Óg Ó Duinnín, Scoil Mhuire
Beidh an cheardlann seo oiriúnach do mhúinteoir ar bith atá ag múineadh in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó Ghaeltachta, nó múinteoirí faoi oiliúint (is cuma cé na hábhair a mbíonn siad ag plé leo). Roinnfear go leor moltaí praiticúla maidir le sealbhú teanga a threisiú thar ábhair éagsúla agus tabharfar spléachadh freisin ar straitéisí chun úsáid na saintéarmaíochta a threisiú ag baint úsáide as samplaí dílse ó ranganna. Roinnfidh an painéal samplaí, dea-chleachtais agus taithí óna gcomhthéacsanna féin.
Díreofar ar roinnt de na ceisteanna thíos lena linn:
Cé acu is tábhachtaí dúinn mar mhúinteoirí an tumoideachais – an t-ábhar nó an teanga?
Feasacht an mhúinteora i dtaobh cúrsa teanga a mhéadú ionas gur féidir leo a gcuid ábhar a mhúineadh go rathúil muiníneach i gcomhthéacs an tumoideachais.
Tacaíochtaí agus deiseanna FGL do mhúinteoirí mar fhoghlaimeoirí
Cláraigh anseo agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.