Beatha Teanga: ag cothú na Gaeilge labhartha ag an mbunleibhéal
Beatha Teanga: ag cothú na Gaeilge labhartha ag an mbunleibhéal
Léacht nó CaintIs í sprioc Beatha Teanga ná dearcthaí dearfacha agus gníomhartha a spreagadh i measc phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chuirfidh le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an spraoi agus an tsóisialaithe.
Ag tosú in Eanáir i mbliana d’úsáid grúpa de scoileanna Beatha Teanga mar thacaíocht dóibh agus iad ag cur Gaeilge chun cinn mar theanga labhartha phobal na scoile. Tá beirt príomhoidí as an ngrúpa sin, Silvia Uí Sheanlaoich (Scoil Gharbháin, Dún Garbhán - Na Déise) agus Éamon Catterson (Scoil Naomh Bríde – Na Dúnaibh, Tír Chonaill), chun labhairt faoina dtaithí le Beatha Teanga, na torthaí a tháinig as agus a bpleananna don scoilbhliain seo.
Tuilleadh eolais anseo.