Cluiche Snatch ar YouTube
Cluiche Snatch ar YouTube
Ar líne Siamsaíocht Agus EalaínTá ríméad ar an gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach agus an grúpa sóisialta An Queercal Comhrá an chéad Chluiche Snatch riamh i nGaeilge a chraoladh 13:00, Dé Sathairn 26 Meitheamh do Bhród LADTA+ 2021. Is seó spraíúil é an t-imeacht seo atá bunaithe ar an Snatch Game ón gclár teilifíse RuPaul’s Drag Race, ina ngléasfaidh na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagróidh siad ceisteanna éadroma seafóideacha líon-an-bhearna.
I measc na rannpháirtithe san imeacht seo, tá Dean Farrell, Eoin P. Ó Murchú, Jade Pepper, Kitty Ní Houlihán, agus Rút Ní Theimhneáin agus tá réimse leathan carachtar á léiriú acu cúigear, idir phearsana aitheanta liteartha agus réaltaí cáiliúla náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá duais €300 ag dul chuig an mbuaiteoir, a bhuí lenár n-urraitheoirí flaithiúla Foras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge. Fógrófar an buaiteoir ag deireadh an chraolta agus is iad an láithreoir agus na moltóirí - Hugh Carr (rís a ráitear HuPaul!), Hilary Bowen-Walsh, agus Kevin Johnston - a roghnaigh.
Bígí linn ar YouTube!