Siamsaíocht Agus Ealaín
Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024
28/04/2024
Táimid anois ag glacadh le hiontrálacha do na Comórtais Liteartha 2024! Tríocha a dó (32) comórtas atá ar chlár na bliana seo – ocht déag (18) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ceithre déag (14) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile. I measc na gcomórtas nua atá ar an chlár i mbliana, tá comórtas iriseoireachta do dhaoine fásta faoi 30 bliain d’aois, urraithe ag NÓS. Is í aidhm an chomórtais ná scríbhneoirí óga úra a...
Lá Mór na Gaeilge
28/04/2024
Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath D07 WNP2
Féile Imeacht don Óige Léacht nó Caint Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus Ealaín Spórt agus Sláinte
Tá áthas an domhain orainn le rá go mbeidh @lamornagaeilge ag bogadh chuig suíomh níos mó i mbliana i Margadh na Feirme. Déan leathanach Lá Mór na Gaeilge a leanúint le bheith coinnithe ar an eolas faoi gach rud a bheidh ag titim amach ar an lá, sna seachtainí amach romhainn. We are delighted to announce that Lá Mór na Gaeilge is moving to a bigger site this year in Smithfield. Follow Lá Mór na Gaeilge to be kept up to date with announcements about what will be taking place on the day over the coming weeks. Tuilleadh anseo
As Béal a Chéile – Cór Lánghaelach BÁC 16
29/04/2024
Gaelscoil Chnoc Liamhna, Bóthar Chnoc Liamhna, BÁC, D16 HR26
As Béal a Chéile, Cór Lánghaelach, www.asbealacheile.ie Gach dara agus ceathrú Luain Meán Fómhair 2023 go Bealtaine 2024 Ag tosú Dé Luain 8 Méan Fómhair ag a 8 a chlog
Ceardlann scríbhneoireachta idirnáisiúnta
29/04/2024
Prós agus Filíocht
Dáta: Dé Luain, 29 Aibreán 2024 Am: 19.00 – 22.00 (am na hÉireann) ar-líne trí Zoom Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí nua atá ag tosú. Beidh áit d'ochtar ar fad ar an gceardlann. Cuireadh do scríbhneoirí iarratas a sheoladh isteach Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann...An Focal Beo
30/04/2024
Líonra Leitir Ceanainn 🥇, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn
Tá féile An Focal Beo 2024 á seoladh ag Líonra Leitir Ceanainn ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Mar a dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, “Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i ngleic le hamhránaíocht, scéalaíocht, cruthaitheacht agus filíocht. Dar leis an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam”. Tá muidne chun léiriú cé chomh beo beathach is...
Cúl Trá-il
01/05/2024
Ulster Folk Museum, 153 Bóthar Bheannchair, Cúl Trá, Ard Mhic Nasca BT18 0EU
Cúl Trá-il: Stair na Gaeilge trí na háiteanna agus na pearsana in Iarsmalann Daonchultúir Uladh. Did you know: 'Cúl Trá-il' is derived from the Irish place name for Cultra (Baile Chúl Trá)? This educational trail at Ulster Folk Museum allows visitors to explore the rich and diverse language traditions associated with Irish-English, Irish and Ulster Scots. This self-guided tour explores the story of the Irish language through the places and people of the Ulster Folk Museum. The trail has been titled Cúl Trá-il, with its meaning derived from the Irish place name for Cultra (Baile Chúl Trá). This is the first part...
Scéalaíocht agus Ceardaíocht
01/05/2024
Leabharlann Thrá Lí, Tobar Mhaigh Dor,, Contae Chiarraí, Éire, V92 AD60
Paistí bunscoile (aois 5+). Saor in aisce, ach cláraigh le Fiona led thoil cnag.trali@gmail.com
Amhránaithe an Chlub
02/05/2024
Club Chonradh na Gaeilge, 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Cúige Laighean, Éire, D02 VH98
Oíche amhránaíochta mhíosúil i nGaeilge i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sr Fhearchair. An chéad Déardaoin den mhí, gach mí. Fáilte roimh chách! Is fiú clárú roimh réidh anseo https://www.eventbrite.ie/e/317527472217
Siúracha na Gealaí Caillte (IMRAM)
03/05/2024
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇, 216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste BT12 6AH
Ócáid dhraíochta ina samhlaítear comhrá fíleata idir an file radacach Diane di Prima agus Dairena Ní Chinnéide, le ceol nua chumtha ag Nick Roth, agus píosaí á gcasadh ag Olesya Zdorovetska, agus le híomhánna áille á dteilgeadh ag Margaret Lonergan. Guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá a bhí ag Diane di Prima, glór cumhachtach feimineach nuair ba iad na fir is mó a labhair ar son ghlúin na bhfilí Beat. Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici Revolutionary Letters (1971) a léiríonn samhlaíocht útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é,...
Údar faoi Agallamh (IMRAM)
03/05/2024
UCD Naughton Joyce Centre, MOLI, 86 Faiche Stiofáin, BÁC 2
Sraith gearrscannán le húdair faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin 7:30 i.n. Dé hAoine 3 Bealtaine i MOLI, UCD Naughton Joyce Centre, 86 Faiche Stiofáin, BÁC 2 Is í an file AILBHE NÍ GHEARBHUIGH, a bhfuil a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín, agus a bhfuil go leor duaiseanna bronnta uirthi, a bheidh faoi agallamh ar an oíche.
Seó ceoil “Dúchas agus Dóchas”
03/05/2024
Halla Colmáin, An Sean Phobal, Gaeltachta na nDéise, Port Láirge
Ar an 3ú lá Bealtaine beidh seó ceoil "Dúchas agus Dóchas" ag teacht chuig na nDéise! Cuireann Comhlucht Forbartha na nDéise fáilte chroíúil roimh ‘Dúchas agus Dóchas’ go dtí an Sean Phobal. Déanann Dúchas agus Dóchas ceiliúradh ní hamháin ar thraidisiún amhránaíochta saibhir Chontae an Chláir ach ar thionchar na nDéise ar an dtraidisiún sin agus é ag nochtadh an t-seana nasc treibhe, fola, teanga, ceoil agus cultúir a mhaireann idir an dá phobal síos go dtí an lá atá inniu ann. Beatha teanga í a labhairt beatha amhrán é a rá, snáth órga, ceolmhar, trí athbheochan amhránaíochta sa Chlár...
Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin
05/05/2024
Inis Meáin, Oileán Árann, Inis Meáin
Bain lán do shúl as áilleacht Inis Meáin agus foghlaim faoin réimse leathan bláthanna fiáine a fhásann ann. Ar an tsiúlóid seo in éindí le hAedín Ní Thiarnaigh, gheobhaidh rannpháirtithe léargas siamsúil, bríomhar ar bhláthanna fiáine Inis Meáin. Tabharfar leideanna maidir le conas bláthanna éagsúla a aithint, pléifear an béaloideas a bhaineann leo agus roinnfear eolas maidir le húsáidí na bplandaí sa chócaireacht, sa leigheas agus sa cheardaíocht.
IMRAM na nÓG
07/05/2024
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gcathair Bhaile Átha Cliath, Contae Átha Cliath
Beidh na céadta páiste i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gcathair Bhaile Átha Cliath ag glacadh páirte i gceardlanna litríochta faoi stiúir scoth na scríbhneoirí do pháistí le linn IMRAM na nÓG, 7-11 Bealtaine 2024.
AN DRÚCHTÍN AGUS an SEILIDE (IMRAM)
11/05/2024
Leabharlann Sr. an Phiarsaigh, 144 Sr. an Phiarsaigh, BÁC, D02 HE37
Tá fós spás sa gceardlann álainn AN DRÚCHTÍN AGUS an SEILIDE, bunaithe ar leabhar Oein DeBharduin, scéal a shíolraíonn ó thraidisiún béil an Lucht Siúil. Béidh an scéal á insint ag Natalie Ní Chasaide in éineacht le drúchtín, seilide, préachán agus go leor draíochta. Cuirfidh an scéal ag canadh, ag bogadh, agus ag brionglóidí sibh! Caithfear spásanna a chur in áirithe roimh ré, cuir rphost chuig majella@imram.ie le hainmneacha agus aois na bpáistí.
Grindr, Saghdar agus Cher
11/05/2024
McGowans Baile Phib, Baile Átha Cliath, D07 A562
Beidh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher ag dul chun stáitse arís ar an 11 Bealtaine i McGowans mar chuid den fhéile Phizzfest. Grindr, Saghdar agus Cher: Tógann fear tuaithe a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Freastalaíonn leispiach ar chóisir na gcearc le scata ban díreach (‘díreach’ mar dhea). Tugann fear bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile. Trí mhonalóg, triúr carachtar LADTA+, trí léargas éagsúla ar aon oíche amháin i mbeár aiteach. Tá ticéid ar fáil anseo: www.eventbrite.ie
Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge
17/05/2024
Óstán Meadowlands, Bóthar Pháirc na Darach, Trá Lí, V92 DC83
Ceardlann scríbhneoireachta Gaeilge san Óstán Meadowlands, Trá Lí Aoine & Satharn, 17-18 Bealtaine 2024 Cur chuige: Ar mhaithe le plé níos fearr ar shaothair a chéile, beidh líon na gceardlannóirí teoranta do 12 ar a mhéid. Is cóir na saothair atá le plé (4 dhán, nó 2,000 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: padraigmacfhearghusa@gmail.com faoin 7 Bealtaine ar a dhéanaí, i dtreo gur féidir na saothair a chur thart ar na rannpháirtithe, iad a bheith léite roimh ré acu, agus níos mó ama a bheith ar fáil le linn na ceardlainne chun tuairimí...
Bál Aiteach 2024
22/06/2024
Club Chonradh na Gaeilge, 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Cúige Laighean, Éire, D02 VH98
Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain do phobal aiteach na Gaeilge. Faigh do thicéad inniu (€5) [Eventbrite] Beidh beárbaiciú againn i gClub Chonradh na Gaeilge 17:00-19:00; cluichí spraíúla trí Ghaeilge 19:00-21:00; agus ansin an Bál féin 21:00-23:00, ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí. Gléasfaidh daoine de réir catagóire: ExtravaGeansaí Dathanna an Chontae Drag Caoineadh TG Leathair Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an...
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh