An Focal Beo
An Focal Beo
@ Líonra Leitir Ceanainn 🥇
Féile Siamsaíocht Agus EalaínTá féile An Focal Beo 2024 á seoladh ag Líonra Leitir Ceanainn ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine.
Mar a dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, “Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i ngleic le hamhránaíocht, scéalaíocht, cruthaitheacht agus filíocht.
Dar leis an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam”. Tá muidne chun léiriú cé chomh beo beathach is spleodrach atá an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge!”
Tuilleadh eolais anseo