Líonra Leitir Ceanainn 🥇
Tá muid freagrach as plean teanga do Leitir Ceanainn mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus an aidhm atá againn ná pobal labhartha na Gaeilge a chothú agus a neartú trí imeachtaí do theaghlaigh, scoileanna agus gnólachtaí, deiseanna cainte, ranganna agus imeachtaí sóisialta a chur ar fáil.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2023
We are responsible for implementing a language plan for Letterkenny as a Gaeltacht Service Town and our aim is to nurture and strengthen the Irish speaking community by organizing events for families, schools and businesses; speaking opportunities, classes and social events available.
Imeachtaí
An Focal Beo
27/04/2024
Tá féile An Focal Beo 2024 á seoladh ag Líonra Leitir Ceanainn ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Mar a dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, “Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i ngleic le hamhránaíocht, scéalaíocht, cruthaitheacht agus filíocht. Dar leis an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam”. Tá muidne chun léiriú cé chomh beo beathach is...