Imeacht don Óige
Caint agus Comhrá – Coláiste na Mainistreach
21/04/2025
Coláiste na Mainistreach, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin
Ranganna Gaeilge i rith am lóin ar scoil do dhaltaí na scoiile chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Am Scéalaíochta
24/04/2025
dlr LexIcon, dlr LexIcon, Ardán Haigh, Dún Laoghaire
Am Scéalaíochta sa LexIcon. Ar an Déardaoin ar 3:30 i Leabharlann Shóisearach an LexIcon. Léitear pictiúrleabhair. Fáilte roimh chách!
Seisiúin Léitheoireachta i Leabharlann Nás na Ríogh
26/04/2025
Leabharlann Nás na Ríogh, Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis, An Phríomhshráid Thuaidh, An Nás
Bliain nua agus srath nua d’imeachtaí Gaeilge le Teaghlaigh Chill Dara! Beidh tús á chur leis na seisiúin scéalaíochta i leabharlann Nás na Ríogh Dé Sathairn seo (an 11ú Eanáir). Tá fáilte roimh leanaí óga agus tuismitheoirí leo chuig na seisiúin rialta seo de scéalta agus rannta i ngAeilge i leabharlann Nás na Ríogh.
Teacht le chéile i gclós spraoi Bhaile Chairdif
27/04/2025
Clós Spraoi Bhaile Chairdif, Páirc Bhaile Chairdif, Cill Dara, W91 YN52
Teacht le chéile neamhfhoirmeálta do thuismitheoirí agus páistí. Deis ag teaghlaigh aithne a chur ar theaghlaigh eile le Gaeilge.
Club Spraoi Iarscoile
30/04/2025
McAuley Place, Bóthar na Solláin, Nás na Ríogh, Cill Dara, W91 D62E
Club Lego, Duplo agus cluichí cláir do leanaí réamhscoile agus bunscoile. Bíonn an club ar siúl gach Céadaoin, agus is féidir bualadh isteach am ar bith idir 13.30 agus 15.30 agus tá an club saor in aisce! Tuilleadh sonraí: caoimhe@cilldaralegaeilge.ie
Scéalaíocht agus Ceardaíocht
07/05/2025
Leabharlann Thrá Lí, Tobar Mhaigh Dor,, Contae Chiarraí, Éire, V92 AD60
Paistí bunscoile (aois 5+). Saor in aisce, ach cláraigh le Fiona led thoil cnag.trali@gmail.com
Lá Spraoi na Gaeilge, i gcomhar le Teanga Tí
17/05/2025
Faiche an Aonaigh/The Fairgreen, Faiche an Aonaigh, Contae Chill Dara, Éire, W91 PF34
Lá Mór Spraoi ag Faiche an Aonaigh (Fairgreen) Dé Sathairn an 17/05 i gcomhar le Teanga Tí. Beidh go leor ceardlanna/imeachtaí éagsúla ar siúl idir 11 - 3 agus gach rud saor in aisce! Beidh ealaín, ceardaíocht, ióga, scileanna rugbaí agus peile Gaelaí, scéalaíocht, scipeáil, ceardlanna agus seó sorcais agus go leor eile ann.
Sorcas le Fanzini
06/06/2025
Halla an Pharóiste, Móin Choinn, Co. Chill Chainnigh, Contae Chill Chainnigh
Sorcas dá-theangach le Fanzini i Móin Choinn, Co. Chill Chainnigh. Eagraithe ag an gCumann Gaelach áitiúil. Beidh seastán uachtar reoite/milseáin, seastán ealaín chomh maith. Fáilte roimh cách!
Scéalaíocht do Pháistí
10/07/2025
Leabharlann Dhroichead Átha, Sráid Thobar an Stoic, An Mhónaidh Mhór, Droichead Átha, Co. Lú
Bígí linn i Leabharlann Dhroichead Átha ar an 10ú Iúil, agus beidh scéalaí áitiúil Dónal Ó Maoláin ann, chun cúpla scéal a roinnt linn. Beidh an imeacht dátheangach seo oscailte do pháistí agus teaghlaigh agus táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil ann.