Rang
Cúrsa Oiliúna
06/10/2024
Óstán Brehon, Bóthar Mhucrois, Contae Chiarraí, Éire, V93 RT22
Tá sé beartaithe ag Ealaín na Gaeltachta cúrsa oiliúna d’áisitheoirí drámaíochta eile a reáchtáil i gCill Airne ar an Satharn agus Domhnach, 5-6 Deireadh Fómhair 2024. Beidh an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil suim acu i ndrámaíocht don óige nó ar dhaoine ar mian leo cur lena gcuid scileanna áisitheoireachta sa drámaíocht. Is é an t-aisteoir cáiliúil Diarmuid De Faoite a bheidh i mbun an chúrsa. Bheadh súil againn go mbeadh rannpháirtithe an chúrsa sásta dul ar phainéal teagascóirí Ealaín na Gaeltachta i ndiaidh an chúrsa agus sásta tabhairt faoi cheardlanna drámaíochta ina gceantar féin. Ní bheidh aon...
Clár Dheireadh Fómhair – Oileán Chléire 2024
06/10/2024
gteic @ Cléire, Oileán Chleire, Co. Chorcaí
Clár Dheireadh Fómhair Scéim Léitheoireachta - Foghlaimeoirí agus Glantosaitheoirí Gaeilge - Leabharlann Chléire Gach Céadaoin ó 13.00 - 14.00 Ag tosnú ar an 09.10.24 Club Leabhar - Dírithe ar dhaoine atá réasúnta líofa nó líofa sa Ghaeilge, beidh muid ag bualadh le chéile chun gearrscéalta / filíocht Ghaeilge a léamh agus a phlé - Leabharlann Chléire Gach Céadaoin ó 14.15 - 15.00 Ag tosnú ar an 09.10.24 Le tacaíocht ó Leabharlann Chléire & Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí Ióga Lus Liath le Jen Gach seachtain Oíche Déardaoin, 19.00 - 20.00 Club Chléire Déan teagmháil le múinteoir Jen ar 0874741870 má...
Ranganna Gaeilge
08/10/2024
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91 TN9E
Ranganna Gaeilge do fhoghlaimeoirí i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn.
An Dioplóma sa Ghaeilge – Ollscoil na Gaillimhe
09/10/2024
Café Aon Scéal 🥇, 518 an tSráid Mhór, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, D24 P298
Cúrsa C1 ar bun i dTamhlacht in 'Aon Scéal' Café. Ag tosú 25 Meán Fómhair is ar siúl gach tráthnóna Céadaoin. Tuilleadh eolais Téigh i dteagmháil do na sonraí ag pobalnagaeilge@gmail.com
Ceardlann Filíocht le Joanne McCarthy
23/11/2024
Leabharlann Dhún Garbhán, Cé Mac Dáibhéid, Contae Phort Láirge, X35 D880
Sa chúrsa seo tabharfar deis do rannpháirtithe dul i ngleic le filíocht na Gaeilge. Tógfar am chun filíocht chomhaimseartha na Gaeilge a léamh agus a phlé i suíomh comhoibritheach. Tabharfar am chun scríbhneoireacht a dhéanamh bunaithe ar leideanna cruthaitheacha. Múinfear an cúrsa seo trí mheán na Gaeilge. Leibhéal: Cúrsa do Thosaiththeoirí Dáta: 23 Mí na Samhna Fad: Lá amhain Suíomh: Leabharlann Dhún Garbhán Cláraigh anseo
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Contae Dhún na nGall, Éire,
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh