Ceachtanna spraíúla ó Raidió na Life do pháistí bunscoile Tá Raidió na Life ag cur an ‘Spraoi’ isteach i gceachtanna trí Ghaeilge do pháistí scoile an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2022, agus glúin nua de láithreoirí raidió Gaeilge á spreagadh chun an teanga a labhairt ar na haerthonnta! Mar chuid den tionscadal seo, tá sraith spraíúil d’acmhainní foghlama ar líne á cur ar fáil ag Raidió na Life saor in aisce do Ghaelscoileanna, agus do scoileanna nach Gaelscoileanna iad freisin. Beidh scileanna raidió á múineadh do pháistí agus an Ghaeilge á cur chun cinn ar bhealach...