FLANN O’BRIEN: A MHUINTIR, AN GHAEILGE AGUS BÉAL FEIRSTE
FLANN O’BRIEN: A MHUINTIR, AN GHAEILGE AGUS BÉAL FEIRSTE
Ar líne Léacht nó CaintFLANN O’BRIEN: A MHUINTIR, AN GHAEILGE AGUS BÉAL FEIRSTE
Le Brian Ó Conchubhair
📅 Déardaoin 5 Bealtaine 2022
⏰ 7pm
📍 Ar líne
Tabharfaidh an chaint seo, a eascraíonn as buntaighde cartlainne, léargas nua ar thionchar na cathrach ar chlann Flann O’Brien/Myles na gCopaleen, údar An Béal Bocht, At Swim-Two-Birds agus The Third Policeman, úrscéalta a airítear i measc mór-úrscéalta idirnáisiúnta an Bhéarla. Pléifear an ról a bhí ag a athair, a uncail agus a aintíní i ngluaiseacht na Gaeilge, i gConradh na Gaeilge, i gcúrsaí drámaíochta agus i dteagasc na Gaeilge sa chathair le linn na hAthbheochana Gaeilge. Tugann stair na clainne eisceachtúla seo léargas faoi leith ar ghluaiseacht na Gaeilge le linn na hathbheochana i mBéal Feirste.
Cláraigh: gaeilge@derrystrabane.com