Múineadh na Scríbhneoireachta, 11 Bealtaine 2021, 16:00
Múineadh na Scríbhneoireachta, 11 Bealtaine 2021, 16:00
@ Gaeloideachas
Ar líne Léacht nó CaintTéama: Múineadh na scríbhneoireachta sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta
Cláraigh anseo: https://gaeloideachas.ie/claraigh/?lang=ga
Dírithe ar: Múinteoirí agus príomhoidí bunscoile
Am agus áit: 11 Bealtaine 2021, 16:00, Zoom
Aoichainteoir: Micheál S. Mac Donnacha, Scoil Mhic Dara agus COGG
“Aithnítear sa churaclam gur cuid d’fhoghlaim na teanga í an scríbhneoireacht. Is scil í a chaithfear a fhoghlaim agus a chleachtadh” (Curaclam Teanga na Bunscoile). Is scil í an scríbhneoireacht agus mar scil, caithfear í a mhúineadh agus tosaíonn an mhúinteoireacht sin sna bunranganna. Le linn na ceardlainne, breathnófar go mion ar an scríbhneoireacht agus conas í a mhúineadh mar chuid de phróiseas leathan ag tabhairt airde ar na seánraí, agus ghnéithe eile atá ag baint leis an scríbhneoireacht. Tá suas le cúig bhliana déag caite ag Micheál S. ag tabhairt ceardlann.
Micheál S. Mac Donnacha
Is múinteoir bunscoile Gaeltachta é Micheál S. atá ina chónaí ar an gCeathrú Rua. Tá sé ar iasacht ón scoil anois le cúpla bliain anuas agus ag obair mar oifigeach oideachais le COGG, ag plé go sonrach leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Is Leas-Uachtarán ar Bhord Gaeloideachas é Micheál freisin.
Cláraigh anseo: https://gaeloideachas.ie/claraigh/?lang=ga agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.