Seoladh ‘On This Day In Mayo’
Seoladh ‘On This Day In Mayo’
@ Festival Dome
SeoladhSeolfar ‘On This Day In Mayo’ le Máirtín G. Ó Maicín sa Festival Dome, Bridge St ar an gCéadaoin, 11 Deireadh Fómhair 2023 @7.00pm mar chuid den Wild Atlantic Words Festival. Tá Máirtín ag obair ar an leabhar seo le roinnt blianta anuas ina gceanglaítear gach lá sa bhliain le himeacht ar leith i gcontae Mhaigh Eo nó le himeacht ar leith a raibh baint ag duine ón gcontae leis.
Ta scéal spéisiúil ag baint le gach lá, cuid acu a théann siar chomh fada le míle bliain nuair a bunaíodh deoise i Mainistear Mhaigh Eo – scéalta a bhaineann leis an gcéad uair a caitheadh glas agus dearg an chontae, tragóidí a bhain le daoine ón gcontae sa bhaile agus thar lear, suas go dtí an lá inniu le cuairt Uachtaráin na Stáit Aontaithe go Maigh Eo in Aibreán na bliana seo. Baineann na scéalta le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí spóirt, cúrsaí cultúrtha agus gach rud idir eatarthu. Baineann siad le fir is mná a d’dfhág a rian ní hamháin ar shaol na tíre seo ach ar shaol na cruinne ina iomlán.
Tá scór de na scéalta scríofa trí mheán na Gaeilge.
‘Sé Iar-Thaoiseach na tíre, Enda Kenny, a dhéanfas an seoladh agus beidh fáilte roimh chách.