Tae agus Plé na Naíonraí
Tae agus Plé na Naíonraí
@ Zoom
Ar líne Léacht nó CaintBa mhaith linn deis a thabhairt do mhúinteoirí naíonra teacht le chéile ar líne chun na cúrsaí is déanaí a phlé, tacaíochtaí cuí a aithint agus foghlaim óna chéile.
Beidh an chéad seisiún Zoom eile ar siúl ar an gCéadaoin 24.02.2021 idir 19.00-20.00.
Eagrófar teacht-le-chéile neamhfhoirmiúil gach mí, ar an gCéadaoin dheireanach mura gcuirtear a mhalairt in iúl. Ní ga clárú ach uair amháin agus seolfar an nasc chugat gach mí. Is féidir díchlárú ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chugainn.
Foilseofar achoimrí beag ar an bplé go rialta i Nuachtlitir na Naíonraí ach ar ndóigh ní roinnfear aon eolas pearsanta agus déanfar cinnte de i gcónaí gur spás tacúil, taitneamhach a bheidh sa Tae & Plé.
Díreofar ar théama ar leith gach mí, agus má tá moladh ar bith agat maidir le habhar le plé, seol chuig katie@gaeloideachas.ie é. Is féidir go mbeidh spreag cheisteanna againn ó am go chéile leis an bplé a threorú agus a éascú, agus táimid an-oscailte do mholtaí ina leith.
Cláraigh anseo: Seimineáir ar líne | Gaeloideachas