Tús Áite – Craoladh Seachtrach ó Áras Chrónáin
Tús Áite – Craoladh Seachtrach ó Áras Chrónáin
@ Áras Chrónáin, Ionad Cultúir
Léacht nó CaintAn bhfuil daltaí meánscoile á ligean síos ó thaobh na Gaeilge de?
Beidh an clár Tús Áite ag craoladh beo ó Áras Chrónáin Déardaoin an 27 Deireadh Fómhair agus beidh múineadh na Gaeilge sa chóras meánscoile á scrúdú againn.
Ar na hábhair a bheidh idir chamáin ag an bpainéal beidh:
- Ceist na ndiolúintí agus ardú 25% ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúintí ón nGaeilge anuraidh.
- Conspóid faoin bplean go suífí páipéar a hAon Gaeilge ag deireadh Bliain 5
- Conspóid faoi T1 na hArdteiste - ar chóir marcanna bónais a bheith ag dul do dhaltaí?
- Sonraíocht T2 Teastas Sóisireach ró-dhushlánach dár le múinteoirí Gaeilge
Beidh painéal saineolaithe linn chun na ceisteanna thuas a chíoradh, sin iad:
- An tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Róisín Ní Dhúshláine, Príomhoide Coláiste Pobail, Ráth Chairn
- Sarah Murphy, Múinteoir Gaeilge & Leasphríomhoide CUS
- Declan Glynn, Ard-Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Éireann
Fachtna Ó Drisceoil a chuirfidh an clár i láthair.
Am cinniúnach is ea é seo i gcás mhúineadh na Gaeilge agus is tráthúil go mbeidh na ceisteanna móra seo á n-ardú agus á bplé os comhair lucht féachana beo. Más spéis leat a bheith i láthair bheadh míle fáilte romhat bheith inár gcuideachta.
Am : Craolfar an clár beo idir 5 - 6pm, mar sin iarrtar ort a bheith ann ar a 16.40.
Áit : Áras Chrónáin, Lána an Uisce, Lána an Úlloird, Cluain Dolcáin, D22 X856