An Mangaire Siúlach
Rogha leathan de leabhair ar athdhíol – go leor acu as cló le fada agus gann dá bharr, go leor eile ar leath a luacha - Úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht i ngach canúint; Éigse Oirghiall; Litríocht na gConallach – Séamas Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna, Tadhg Ó Rabhartaigh, Scéalta Johnny Shéamaisín, Seaghán Mhac Meanman, Seán Bán Mac Grianna, Seán ‘ac Fhionnlaoich, Pádraig Ó Gallchobhair (Muirghein), Séamus Ó Searcaigh, Fionn Mac Cumhaill, Eoghan Ó Colm 7rl.; Saothar na nUltach – Séamas Mac Conmara, Seán Mac Maoláin, Séamus Ó Néill, Tarlach Ó hUid, Pádraig Uiséir 7rl.; Leabhair don fhoghlaimeoir, leabhair do pháistí; Stair, Scoláireacht, Seanchas, Béaloideas agus na seanaistriúcháin a rinneadh don Gúm. Ní iarraim de phléisiúr ach achainí speisialta ó chustaiméir leabhar annamh a aimsiú.
Irish-Language used bookseller.