Tá easpa Gaeilge múinteoirí agus gan aon chainteoir dúchais a bheith i gceantar na scoile ar na cúiseanna a luaigh scoileanna áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht gan cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta.
Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta.
Rinne gach ceann den 29 iarbhunscoil agus 105 den 132 bunscoil sa Ghaeltacht a amhlaidh.
Cuireadh eolas ar fáil sa Dáil an tseachtain faoi na cúiseanna nach spéis leis an 27 scoil Ghaeltachta aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bheith acu.
Chomh maith le heaspa Gaeilge, luaigh scoileanna áirithe cultúr agus traidisiún fada a bheith ag teagasc trí Bhéarla i measc na gcúiseanna nach dteastaíonn uathu a bheith áirithe mar scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí na Roinne Oideachais.
Dúradh chomh maith nach raibh dóthain “muiníne” ná cumas sa Ghaeilge ag múinteoirí chun tumoideachas, atá éigeantach faoin bpolasaí, a chur i bhfeidhm.
Thug scoileanna le fios freisin nach raibh suim acu in aitheantas Gaeltachta mar nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Luadh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile.
Dúirt scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar an scéim aitheantais go raibh roinnt ábhar imní ag daoine fúithi.
Dúradh go raibh easpa tuisceana ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí maidir leis an luath-thumoideachas agus go raibh imní orthu go gcuirfeadh a leithéid isteach ar chaighdeán Béarla na ndaltaí.
Bhí sé ina imní chomh maith go gcuirfeadh an tumoideachas as do dhul chun cinn daltaí le riachtanais speisialta oideachais.
Bhí imní ar mhúinteoirí sna scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaltaí sa scoil dá gcuirfí an polasaí oideachais i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh sa Dáil gur chinn a Roinn gan ainmneacha na scoileanna nár roghnaigh páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais go fóill a fhoilsiú. Cinneadh amhlaidh, a dúirt an tAire, mar go mbeadh deiseanna eile á dtabhairt do na scoileanna a n-intinn a athrú.
Tá liosta de na scoileanna nach bhfuil ag glacadh páirte sa scéim ar fáil thíos agus é bunaithe ar thaighde a rinne Tuairisc.ie.
De réir eolais a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais cheana, áirítear 21 den 29 iarbhunscoil sa Ghaeltacht mar scoileanna lán-Ghaeilge agus 100 bunscoil as an 132 bunscoil ar tugadh cuireadh dóibh cur isteach ar stádas Gaeltachta atá áirithe mar scoileanna lán-Ghaeilge.