Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Séasúr na Seafóide: 365, 24/7

| Dáithí Anraí | ,

Concubhar Ó Liatháín

Agus mé i m’iriseoir óg soineanta is cuimhin liom a bheith ag obair i mo chéad phost mar thuairisceoir i nuachtán i gCill Airne darbh ainm The Kingdom.

Tráth an tsamhraidh a bhí ann agus bhí an baile gnóthach mar a bheifeá ag súil le spriocbhaile turasóireachta dá leithéid. Bhíos gnóthach ag iarraidh scéalta a aimsiú chun leathnaigh an nuachtáin a líonadh.

Ar na scéalta seo bhí agallamh le dochtúir i dTrá Lí, oifigeach leighis an chontae, a thug foláireamh dom le tuairisciú do leitheoirí an nuachtáin.

“Bí cúramach cé hé nó hí a luíonn tú leo!”

Bhí imní ar an dochtúir faoi ghalair ar nós SEIF a bheith á scaipeadh ag turasóirí i measc an daonra áitiúil.

Scríobhas an scéal agus cuireadh ar an bpríomhleathnach é. An uair sin, ag tús na 90í, ba le guma a cheanglaití gach mír ar an leathanach, grianghrafanna, scéalta, ceannlínte agus le-línte.

Is é an le-líne an rud a bhíonn iriseoir a lorg: “Scéal eisíach LE Concubhar Ó Liatháin”

An le-líne a fuair mé ar an scéal sin, bainim spórt as go fóill.

“Beware of Casual Sex”ab ea an cheannlíne. Agus díreach faoin téacs, ba é an le-líne ná ‘with Concubhar Ó Liatháin’.

Seafóid a bhí ann i ndáiríre. Ní hé gur ridire mór faoi bhaile Chill Airne mé an uair úd ach bainim gáire as go fóill agus ba cheacht é faoi na rudaí a tharlaíodh sna meáin in aois na soineantachta, bhuel saghas, le linn an trátha sin bliana ar a dtugtar ‘Séasúr na Seafóide’.

Sin an tráth bliana nuair a bhíonn go leor polaiteoirí is iriseoirí ar saoire agus nach mbíonn an oiread nuachta le tuairisciú is a bhíonn le linn téarmaí oibre.

Seo an tráth bliana a bhíonn spás, agus aerspás, le líonadh go fóill agus bíonn eagarthóirí ar a míle dícheall ag iarraidh ábhar suimiúil – nó seafóideach – a fháil chun an sprioc sin a bhaint amach.

Is iontach mar a chomhlíonann leithéidí “Love Island’ an fheidhm seo. Scríobhtar tuairiscí nuachta faoi eachtraí idir na hiomaitheoirí éagsúla, grianghrafanna, colúin tuairimíochta.

Sin mar a líontar an spás bán.

Rud amháin a ritheann liom na laethannta seo, áfach, agus b’fhéidir gurb é an aois a spreagann é, ach go mothaím nach bhfuil sé chomh héasca níos mó a bheith ag ríomh cén séasúr atá seafóideach – is cén uair nach bhfuil.

Tá Love Island luaite agam ach i bhfírinne níl ansan ach píosa spóirt, rud éigein chun siamsaíocht agus éalú a chur ar fáil dúinn nuair atáimid díomhaoin agus anois nuair atá sé geallta go mbeidh an dara sraith in aghaidh na bliana againn, Love Island an Gheimhridh… bhuel, tá na séasúir ag teacht sna sála ar a chéile.

Rud atá níos deacra le dul i ngleic leis ná an tslí a n-imríonn na meáin shóisialta tionchar ar na meáin thraidisiúnta, ag líonadh leathnaigh leis an méid a rinne Donald Trump a thvuíteáil nó an físeán mearscaipthe is déanaí nó an haisclib # atá á lua ag gach éinne leis.

Is iomaí cleas a bhíonn ag eagarthóirí nuachtán a líonadh táath seo na bliana. An tuairisceoir is mó a mbíonn éileamh ag an deasc nuachta air ná Phil, sin é ‘Fill White’.

Cleas nach bhfuil aon nóisean aige bailiú leis ná an nós a bhíonn ag eagarthóirí nuachtáin, agus staisiún raidió, scéal a dhéanamh faoi dheireadh a bheith á bhagairt ar an nGaeilge riachtanach.

De ghnáth bíonn pictiúr mór de Peig Sayers ag léiriú na scéalta seo – is cuma ná raibh dírbheathaisnéis Peig Sayers ar chúrsa na hArd-Teiste, agus ná raibh sé á staidéar ag daltaí meánscoile dá réir, le scór bliain.

Cuir leis sin suirbhé idirlín ar Twitter – níl aon chostas ag gabháil leis sin – agus tá dhá leathnach is príomhscéal agat agus má tá an t-ádh leat b’fhéidir go bhfaighidh tú scéal nó trí sna laethannta ina dhiaidh sin.

D’fhéadfadh láithreoir raidió fónta clár a bhaint amach as – agus láithreoir de chuid Newstalk, bhuel d’fhéadfadh duine chomh hoilte sin an clár céanna a bhaint as an adhmad seo dhá nó trí uair in aon mhí amháin.

B’fhéidir go bhfuilim ag éirí róshoiniciúil. An aois arís.

Mar a bhí, mar atá fós is mar a bheidh go brách, bíonn daoine ag iarraidh aird a thabhairt dúinn féin, is dár dtuairimí is dár smaointe geala.

Anois tá níos mó ardán ann chun go mbeimis le feiscint nó le cloisint.

An oiread agus le hathrú aeráide nuair nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Samhradh is an Geimhreadh, táimid sa ré anois nuair atá séasúr na seafóide againn le linn na bliana ar fad.

Anois tugaimid an ciogal nuachta 24/7 air seo.

Ni féidir linn teacht as seo agus éireoidh sé níos measa sara n-éiríonn sé níos fearr. Cad é ‘níos fearr’ ar aon nós?

Níos mó