Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
mayimeacht-priomh-aire-na-breataine-le-heiri-as-roimh-an-gcead-bhabhta-eile-cainteanna

Mayimeacht – Príomh-Aire na Breataine le héirí as roimh an gcéad bhabhta eile cainteanna

Tá fógartha ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May go bhfuil fúithi éirí as roimh an gcéad bhabhta idirbheartaíochta eile leis an AE faoin mBreatimeacht.

Dúirt May an méid sin le Coiste 22 na dTóraithe tráthnóna agus súil aici go gcabhróidh a fógra léi a margadh a chur thar abhainn.

Dúirt May gur “am crua” a bhí ann don tír agus dá páirtí ach go rabhthas ar tí tabhairt faoi “chaibidil nua” a bheadh níos fearr.

Dúirt sí nach dtaithíonn sí tithe ósta ná nach ngéilleann sí do ráflaí ach go raibh “teachtaireacht shoiléir” faighte aici faoi dhearcadh lucht a páirtí sa pharlaimint.

 “Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag iarraidh cur chuige nua, agus ceannaireacht de chineál nua, agus aghaidh á tabhairt ar an dara babhta den idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht agus ní sheasfaidh mise roimhe sin,” arsa Theresa May le cúlbhinseoirí a páirtí tráthnóna.

Dúirt sí go gcaithfí an margadh Breatimeachta a chur tríd an bParlaimint agus imeacht as an Aontas Eorpach.

“Tá mé sásta an post seo a fhágáil níos túisce ná a bhí socraithe agam ar mhaithe le leas ár dtíre agus ár bpáirtí.”

“Iarraim ar an uile dhuine sa seomra seo tacú leis an margadh chun gur féidir linn ár ndulagas stairiúil a chomhlíonadh – is é sin beart a dhéanamh de réir bhriathar mhuintir na Breataine agus an tAontas Eorpach a fhágáil go réidh agus faoi dhea-eagar”.

Tá vótáil ar siúl ag feisirí parlaiminte in Westminster tráthnóna faoi shocruithe eile mar mhalairt ar mhargadh imeachta Theresa May.

Vótaí táscacha iad vótaí na hoíche anocht, is é sin vótaí a thugann tásc nó tuairisc ar mhianta na bhfeisirí i dtaobh an Bhreatimeachta.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine agus a rialtas nach gá go nglacfaí le haon phlean a thiocfadh as na vótaí agus tá Theresa May meáite i gcónaí ar a plean féin a chur faoi bhráid na parlaiminte den tríú huair.

Beidh sí ag súil anois go gcuirfidh a fógra imeachta féin ar a suaimhneas faoina margadh cuid de na Breatimeachtóirí is diongbháilte sa pharlaimint, ina measc an DUP agus baill an ERG, an grúpa Tóraithe a bhfuil Jacob Rees-Mogg ina chathaoirleach air.

Dris chosáin eile roimh mhargadh May é dearbhú an Spéicéara John Bercow inniu nach ceadmhach an margadh imeachta a chur faoi bhráid na parlaiminte an tríú huair mura ndéanfaí leasú suntasach ar an rún a mbeifí ag vótáil ina thaobh.

Má éiríonn le May teacht timpeall ar rialú Bercow meastar go bhféadfadh vóta eile faoin margadh imeachta, ar diúltaíodh faoi dhó cheana dó, a bheith ann chomh luath leis an Aoine bheag seo.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie