Tá scoil ar diúltaíodh dá n-iarratas a bheith ar an gcéad scoil ó thuaidh le hathrú ón teagasc Béarla go teagasc lán-Ghaeilge i mbaol a dúnta.
Tuairiscíodh ar an Irish News inniu go bhfuil molta go ndúnfaí an bhliain seo chugainn bunscoil Naomh MacNissius sa Tamhnach Mhór i gcontae Aontroma, toisc, a dúradh, uimhreacha a bheith íseal sa scoil bheag tuaithe.
Maíonn tuismitheoirí na scoile gur ar bhonn airgid amháin atáthar ag caint ar bhunscoil na Tamhnaí Móire a dhúnadh agus d’impigh siad ar Chomhairle na Scoileanna Caitliceacha tacú leis an scoil.
Dhiúltaigh an Roinn Oideachais d’éileamh na scoile go ndéanfaí scoil lán-Ghaeilge di.
Dúirt oifigigh na Roinne gur “moladh nuálach” a bhí ann ach nár tharla riamh cheana go raibh dhá chineál oideachais ar siúl i scoil fad is bhíothas ag fáil réidh le ceann acu de réir a chéile.
Dúradh go raibh ceisteanna soiléire ann maidir le hinmharthanacht na scoile mar atá.
D’athraigh an scoil teanga an teagaisc ó Bhéarla go Gaeilge do rang amháin cheana féin agus bhí 12 dalta sa rang sin, an líon is mó le fada, a deirtear.
Tá naíonra lán-Ghaeilge sa cheantar chomh maith agus dar le príomhoide na bunscoile Máire Darragh go bhfuil go leor spéise i i gceantar na Tamhnaí Móire san oideachas lán-Ghaeilge.
Nuair a diúltaíodh don phlean chuir Comhairle na Scoileanna Caitliceacha tús le próiseas comhairliúcháin mar gheall ar cheist a bheith ann faoi inmharthanacht na scoile.
Dúradh i dtuarascáil na Comhairle nár léir go mbeadh scoil lán-Ghaeilge ná scoil lán-Bhéarla inmharthana.
Tá ráite ag lucht tacaíochta na scoile gur sárscoil í a bhfuil ardmheas ag chuile dhuine uirthi.
Tuairiscítear san Irish News go ndéanfar cinneadh go luath faoina bhfuil i ndán don scoil.