Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Corpoideachas agus ábhar eile le teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Béarla
corpoideachas-agus-abhar-eile-le-teagasc-tri-ghaeilge-i-scoileanna-bearla

Corpoideachas agus ábhar eile le teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Béarla

Cuirfear tús i Meán Fómhair na bliana seo le scéim ina mbeidh an Ghaeilge á teagasc tríd an gcorpoideachais agus ábhair eile i 22 scoil agus ionad luathoideachais Béarla ar fud na tíre.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh ar maidin go mbeidh dhá thréimhse i gceist leis an scéim phiolótach ina mbainfear úsáid as cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT).

Tréimhse forbartha a bheidh sa chéad tréimhse den scéim, an scoilbhliain 2019/2020,  ina ndéanfar clár agus acmhainní a fhorbairt do mhúinteoirí agus oibrithe a bheidh ag glacadh páirte inti. Bunófar Grúpa Stiúrtha chun tabhairt faoin obair fhorbartha seo.

Cuirfear tús leis an dara tréimhse den tionscnamh in 2020/2021, tráth a gcuirfear le líon na scoileanna agus ionad luathoideachas a bheidh páirteach inti.

Mar chuid den scéim tabharfar cabhair d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge an fhoghlaim chomhtháite a chur i bhfeidhm i gcás nuatheangacha iasachta.

D’fhéadfaí, mar shampla, an Corpoideachas a theagasc trí mheán na Gaeilge i scoil atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla, nó trí Fhraincís i scoil atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla.

Dúirt an tAire Joe McHugh gur ag cur leis an scéim a bheifear i ndiaidh 2020/2021.

“Ní cóir dúinn stopadh ag an bpointe seo. Ba chóir go mbeadh sé mar sprioc againn rath a chur ar an gcur chuige nua seo agus breathnú air mar dheis iontach don leathnú chuig ábhair eile, cosúil le ceol, eolaíocht, ealaín nó matamaitic, i scoileanna.

“Mholfainn do pháirtithe leasmhara freastal ar an seisiún eolais FCÁT a bheidh ar bun go luath agus tacú le múinteoirí agus le daoine óga páirt a ghlacadh sa tionscnamh ríthábhachtach agus nuálach seo.”

Dúirt an tAire gur ” dea-theist ar bheocht agus ar bheogacht teanga daoine óga a bheith ag sóisialú, ag spraoi agus ag súgradh sa teanga”.

“Trí ghníomhaíochtaí mar seo is féidir linn tacú lenár ndaoine óga ceangal a bheith acu leis an teanga agus úinéireacht a ghlacadh uirthi. In eacnamaíocht dhomhanda iar-Bhreatimeachta, caithfimid a chinntiú go mbíonn daoine óga gafa ar bhealach a chothaíonn dátheangachas nó fiú ilteangachas, scil a thacóidh leis an bhforbairt eacnamaíochta sa todhchaí,” arsa Joe McHugh.

Beidh ionadaithe ar ghrúpa stiúrtha na scéime ó Choláiste Mhuire gan Smál/Ollscoil Luimnigh, Institiúid Theicneolaíochta Thrá Lí, OCBÁC, Ollscoil Mhaigh Nuad, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), Tionscnamh Teangacha Iar-Bhunscoile (PPLI) agus an Roinn Oideachais.

Tá cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Gealladh i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge go ndéanfaí taighde i mbliana ar conas a d’fhéadfaí an páirt-tumadh a thabhairt isteach i scoileanna na tíre, is é sin go mbeadh deis ag daltaí i scoileanna Béarla ábhar nó ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge.

Gealladh chomh maith go gcuirfear tús ar bhonn píolótach idir 2019-2021 i roinnt scoileanna leis an gClár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge