Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<div-class="credit-nos"></div>-is-aoibhinn-beatha-an-hiopstair

Is aoibhinn beatha an hiopstair

Tá rud éigin le rá agam. 

Tá mé ag “teacht amach”.

 Is mise Aideen agus is hipster mé. 

Dúirt mé seo le cara liom, agus d’fhreagair sí go borb: “Ná habair a leithéid riamh!”. Amhail is go ndúirt mé gur Nazi mé, nó go raibh mé i bhfabhar na Breatimeachta.

Ach tá a fhios agam go mbainim le treibh na hiopstairí, agus glacaim leis. Caithim éadaí athláimhe, agus ólaim as sean-phrócaí. Nílim in ann mórgáiste a fháil, tá féasóg agus spéaclaí tiubha ar mo bhuachaill. 

De réir mar a théim ó bhuachaill go buachaill, eiríonn na féasóga níos faide agus na spéaclaí níos tibhe — níl ach dhá chaidreamh eile ann idir mé féin agus Groucho Marx! 

Agus an comhartha sóirt is mó? Inné do sheas mé ar LEGO, ach níl aon pháistí agam!

Is hipster mé agus cén dochar? Ní shéanfaidh mé é. Ní maith le daoine a admháil gur hipsters iad, ar nós na dTóraithe i Sasana, ní bhítear sásta é a rá amach os ard ach tá Theresa May fós i gcumhacht agus tá 12 saghas hummus ann i Fallon and Byrne.

Is grúpa síochánta sinn: cuir isteach ar dhuine againn agus ní dheanfaimid tada — taobh amuigh de blag a scríobh fút!

Ach go fírinneach, cad is hipster ann? Is dócha go bhfeadfaí a rá gur daoine iad a bhfuil blas don íoróin acu — idir bhailiú seanphóstaer Backstreet Boys agus a bheith ag caitheamh éadaí míleata in aineoinn nach dtroidfidís i gcogadh riamh. 

Oireann seo go maith do mhuintir na hÉireann, atá i gcónaí idir shúgradh agus dáiríre, agus muid baiste go domhain i dtraidisiúin an aoir. 

Ba dhéagóir gan treo mé — níor thuigeas na gnáthrudaí a thug sásamh do chailíní eile. Nuair a bhí mo chompáinigh scoile gafa le Home and Away agus gnóthach ag fáil ‘faoiseamh méire’ ó bhuachaillí, bhí mise sáite i rudaí ar nós The Larry Sanders Show agus scannáin eachtrannacha ar TG4. Nuair a shroich mé an coláiste, chas mé ar dhaoine eile a chuir suim i rudaí imeallacha agus bhraith mé faoiseamh thar na bearta. 

Ach baineann cultúr hipster leis an bpribhléid freisin. Caithfidh tú a bheith saibhir chun bheith sásta suí ar bhairillí agus ól o seanphrócaí. Ní dhéanfadh mo Dhaid a leithéid — bhí go leor de sin aige le linn a óige sna 1950idí. 

Ar bhealach, tá mise agus mo threibh ar nós Marie Antoinnette na Fraince nuair a théadh sí chun spraoi ina Petit Trianon, teach beag i ngáirdín Versaille ina ligfeadh sí agus a cáirde orthu gur ghnáthdhaoine bochta iad, díreach don chraic! 

Is cuimhin liom dul ar thuras timpeall na hEorpa tar éis dom an coláiste a fhágáil. Agus mé sa Rómáin cheannaigh mé gúna ó ré na 1970idí, a bhí an-hiopstarach amach is amach. Chaith mé le bród é go dtí gur casadh orm cailín orm ag an obair, cailín as an Rómáin. 

Chonaic sí an gúna agus d’fhiafraidh sí cén fáth a gcaithfinn a leithéid? Gur gúna a bhí ann a chaith lucht oibre sna monarchana, go mbíodh a máthair ag sclábhaíocht le linn ré an chumannachais i ngúna mar é agus go raibh sé “chomh hait” go caithfinn a leithéid. Bhí náire orm, thuigeas nár gúna amháin a bhíos a chaitheamh ach pribhléid an chéad domhain. 

Thar timpeall Bhaile Átha Cliath, tá “Hipster Ghettos” ag fás. Tá ‘uaisliú’ á dhéanamh ar cheantracha a bhain tráth le lucht oibre na cathrach. Caithfidh mé a rá gur mise ceann de na daoine a dhéanann uaisliú ar áiteanna. D’fhéadfá a rá gur mise “síog an uaislithe” — téim go ceantar, faighim árasán Comhairle Contae ar cíos agus le mo shlat draíochta déanaim “teachaín teolaí bijou” as, lán ‘charachtair’ (carachtar an focal hipster atá ar “lobhadh críon”)

Ordaím caife bán sa greasy spoon áitiúil, tugaim liom mo frother fhéin agus anois is flat white atá ann.

Luím le leaid as an áit. Go tobann, tá a thatúnna a bhfuil botúin litrithe iontu “íorónach” agus ní mangaire drugaí a thuilleadh é, ach fiontraí óg é lena start-up féin. 

Déanaim uaisliú ar cheantar agus dá réir ardaíonn an cíos agus bíonn orm bogadh go ceantar eile, níos faide ó lár na cathrach. Faoin am seo táim ag cur fúim i mBaile Munna, áit atá i bhfad níos síochánta ná mar a cheaptar sna meáin agus ina bhfuil an cíos réasúnta fós. 

Inné chuaigh mé isteagh go SuperValu i mBaile Munna, agus d’fhiafraigh mé don bhainisteoir an raibh aon arán taos géar acu. “Níl”, a dúirt sé “Ach is féidir linn ordú a chuir isteach” Tá an próiséis tosaithe arís agus fáinne fí na hiopstairí ag casadh go síoraí! 

An bhfásfaidh mé aníos riamh? Níl a fhios agam mar is aoibhinn beatha an hispter!

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge