Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
tairiscint-deanta-ag-delaney-go-seasfaidh-se-ar-leataobh-fad-is-ata-fiosruchan-ar-bun

‘Tairiscint’ déanta ag Delaney go seasfaidh sé ar leataobh fad is atá fiosrúchán ar bun

| Tuairisc.ie | , , ,

Tá ráite ag leasuachtarán feidhmiúcháin an FAI John Delaney le bord an chumainn go bhfuil sé sásta seasamh ar leataobh dá dheoin féin nó go mbeidh fiosrúchán neamhspléach déanta faoi gnéithe d’obair na heagraíochta.

I ráiteas a chuir an FAI amach i ndiaidh cruinniú de bhord na heagraíochta tráthnóna, dúradh gur thairg Delaney go seasfadh sé ar leataobh as a chonlán féin, ach níorbh léir ón ráiteas cé acu ar glacadh nó nár glacadh le tairiscint an iar-phríomhfheidhmeannaigh.

Tugadh le fios sa ráiteas chomh maith go bhfuil Michael Cody, rúnaí oinigh, agus Eddie Murray, cisteoir oinigh, éirithe as bord an chumainn.

Dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann, John Treacy, tráthnóna gur cúis imní í an méid a tháinig chun solais faoin FAI ag Cruinniú de Choiste Spóirt an Oireachtais an tseachtain seo caite.

D’fhógair Spórt Éireann an tseachtain seo caite go raibh siad chun maoiniú a choinneáil siar ón FAI mar gheall ar an gconspóid a d’eascair as an scéala gur thug iar-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, John Delaney, iasacht idirlinne €100,000 dóibh in 2017.

Tugann Spórt Éireann maoiniú thart ar €2.9 milliún don FAI in aghaidh na bliana.

Dúirt Treacy go mbeadh ar Spórt Éireann iniúchadh a dhéanamh ar rialú agus rialú airgeadais an FAI sula mbeadh siad sásta an maoiniú a chur ar fáil arís.

Dúirt an FAI tráthnóna go gcuirfidís Spórt Éireann ar an eolas faoi gach cor nua sa sceál. Beidh Spórt Éireann os comhair Choiste Spóirt an Oireachtais arís amárach.

Dúirt Bord an FAI tráthnóna gur mhaith leo lucht tacaíochta agus lucht urraíochta an tsacair in Éirinn a chur ar a suaimhneas go bhfuil “dlús” curtha ach le “gach iarracht” atá ar bun acu “muinín a chothú athuair” i gCumann Peile na hÉireann.

Nuair a bhí an FAI os comhair Choiste Oireachtais an Spóirt an tseachtain seo caite, dhiúltaigh John Delaney aon cheisteanna a fhreagairt faoin tréimhse a chaith sé mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI nó faoin iasacht €100,000.

Dúirt sé go raibh comhairle dlí faighte aige gan aon cheisteanna a fhreagairt faoin tréimhse a chaith sé mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI nó faoin iasacht €100,000.

Míníodh ag an gcoiste nach raibh ach triúr ar bhord an FAI ar an eolas faoin iasacht, Delaney agus beirt eile.

Níor cuireadh na baill eile den bhord ar an eolas faoin iasacht go dtí an 4 Márta 2019 tar éis don nuachtán The Sunday Times an scéal a fhiosrú.

Go luath tar éis don scéal teacht chun solais, d’éirigh Delaney as a phost mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI. Ceapadh é i ról nua mar leasuachtarán feidhmiúcháin, ach deir an FAI nach raibh aon bhaint ag an gconspóid atá ann faoi láthair leis an athrú sin.

Tá iniúchóirí tugtha isteach ag an FAI chun athbhreithniú a dhéanamh ar chuntais an chumainn. D’fhógair an FAI ag deireadh na míosa seo caite chomh maith go raibh an comhlacht comhairleoireachta Mazars fostaithe acu chun athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá tarlaithe.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie