Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Ardán
  • ‘Baoite ar na drámaí Gaeilge is fearr le fada an lá’
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘baoite-ar-na-dramai-gaeilge-is-fearr-le-fada-an-la’

‘Baoite ar na drámaí Gaeilge is fearr le fada an lá’

Baoite tagtha back, agus go Baile Átha Cliath an uair seo. Tar éis gur éirigh an-mhaith leis an dráma sa Taibhdhearc i nGaillimh, bhí amhras áirithe ann an mbeadh aon léiriú den dráma ar ardán de chuid na príomhamharclainne náisiúnta. Tá sé ag druidim le deireadh na sraithe ann anois.

Script chumasach ó Dharach Mac an Iomaire atá mar bhunús leis an léiriú, a fhilleann ar roinnt de théamaí Corp Anam, dráma iomráiteach teilifíse leis a craoladh ar TG4 cúpla bliain ó shin.

Eochairfhocail an dráma an rá rithimeach “Ná habair tusa focal, ach coinnigh agat féin é. Ní fhaca tú tada is níl milleán ar éinne”. Oireann an curfá seo do chonspóidí uile an dráma agus tá a lán acu sin ann.

Pléitear athrú shaol na tuaithe, an fhraiceáil, an t-alcólachas, leanaí a chailltear, an ciníochas agus go leor eile. Cé go mbeadh sé éasca a shamhlú nach dtiocfadh na snáithe seo ar fad le chéile go néata éiríonn le script Mhic an Iomaire é sin a dhéanamh go seoigh. 

Ní deacair a shamhlú go bhfuil an rá ríme sin ag trácht ar chúrsaí reatha uile na tíre agus an domhain. Go deimhin deir Mac an Iomaire seo glan amach ina réamhrá sa chlár.

Baineann an scéal le teaghlach iascaireachta agus an méid a thiteann amach nuair a bhogann long fraiceála isteach sa cheantar. Tagann Ros Dumhach agus ‘Shell Chun Sáile’ chun cuimhne ag tús an dráma agus baintear feidhm as cleas rannpháirtíochta a chuireann leis an eispéireas nuair a bhristear an balla idir cliar agus lucht féachana.

Tá an dráma dorcha go maith agus tá lochtanna go leor ar gach carachtar. Rúin teaghlaigh a bhfuil eolas ag madraí an bhaile orthu, boicíní a bhfuil éirí in airde orthu, teannas agus coimhlint chun tosaigh i gcónaí. 

Na píosaí is láidre ar fad sa dráma, is iad Macdara Ó Fátharta agus Diarmuid de Faoite a thugann dúinn iad. Scaoiltear sonraí an scéil diaidh ar ndiaidh agus léiríonn an bheirt seo carachtair ghangaideacha ar bhealach a éilíonn aird iomlán.

An locht is mó ar an léiriú seo ná nach raibh tús fíorspleodrach léiriú na Gaillimhe leis. Ní déarfaidh mé go díreach a raibh i gceist leis ach bhí i bhfad níos mó den rannpháirtíocht i gceist leis.

Táim cinnte go bhféadfaí a rá nach raibh ina leithéid ach gimic ach ba é ceann de bhuaiceanna an léirithe é dar liomsa. Gach seans go raibh deacrachtaí rud mar é a eagrú ar láthair na Péacóige ach ba bhoichte an léiriú dá cheal. Is breá liom drámaíocht a ligean agus a éilíonn rannpháirtíocht an tslua. 

Leis, bhí géire níos mó i línte a luaigh ‘iad sin thuas i mBleá Cliath’ nuair a bhí suíomh fisiciúil an léirithe i nGaillimh féin. Cailleadh cuid den bhraistint sin go raibh imeachtaí an dráma ag tarlú dáiríre san aistriú suímh. Bhí gnéithe áirithe den dráma nár chuir leis dar liom. Radharc áirithe le carachtair faoi mhascanna a bhí deacair le creidiúint agus a bhain ó dhomhan an scéil mé.

Sheinn Maitiú Ó Casaide agus Saileog Ní Cheannabháin ag pointí éagsúla go háirithe ag mionradhairc a raibh carachtair, ceol agus soilsiú aislingeach i gceist leo. D’éirigh go han-mhaith leis na píosaí seo agus iad measctha trí radhairc níos réadúla. Is cosúil go raibh blúirí taifeadta ann chomh maith rud nár chuir mórán leis. Seans gur mo bhreith féin é ach shíl mé go raibh deireadh an dráma beagán obann.

Ainneoin lochtanna beaga scéal iontach láidir atá mar bhonn leis an léiriú seo agus cuirtear carachtair inár láthair go cumasach cumhachtach le caint bhlasta ghéar. 

Tá Baoite ar na drámaí Gaeilge is fearr atá feicthe agam le fada cé go raibh beagán de dhraíocht an chéad léirithe caillte sa leagan áirithe seo.

Seanscéal agus meirg na mblianta air easpa na ndrámaí Gaeilge in Amharclann na Mainistreach le fada. Léiríonn an an léiriú seo, ar cosúil gur díoladh amach an chuid is mó de, go bhfuil tóir ag an bpobal ar dhrámaíocht Ghaeilge, fiú nuair is annamh a chothaítear an pobal sin. Tá dualgas orthu sin a chur ina cheart.

Beidh Baoite ar siúl oíche anocht ag 8pm ar Ardán na Péacóige.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge