Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<div-class="credit-nos"></div>-gra-agus-grain-ar-an-mbothar-go-santiago

Grá agus Gráin ar an mbóthar go Santiago

Níor shíl mé go dtiocfadh an grá chun cinn an oiread sin ar an Camino agus mé ag tabhairt na gcéad choisméigeanna sin in Saint-Jean-Pied-de-Port mí ó shin, ach tá trí scéal grá le roinnt agam libh inniu agus deireadh ag teacht le m’aistear trasna na Spáinne. 

Seachtain ó shin, agus mé i ngiorracht scread asail do chathair León, chuala mé triúr Meiriceánach ag labhairt ar chúrsaí croí agus mé stoptha i gcaifé beag. Dáiríre chuir a gcuid cainte saighleam orm agus ba bheag an fonn a bhí orm an chomhairle a bhí á cur ar a chéile a chloisteáil — raiméis sheanchaite bunaithe ar steiréitíopaí inscne.

An oíche sin, tharla sé go raibh muid uilig ag fanacht san albergue céanna agus chuir mé aithne níos fearr orthu. Gael-Mheiriceánach a bhí i nduine amháin acu, a raibh cúpla focal de shuantraí Gaeilge a chanadh a mamó di de ghlanmheabhair aici, agus réitigh muid go maith le chéile. 

An bhean eile, rugadh i Meicsiceo í agus tógadh i stát California í — ba ise ateangaire an ghrúpa anseo sa Spáinn. Bhí an Camino siúlta cheana féin aici, an bealach ar fad seacht mbliana ó shin agus chomh fada le León cúig bliana ó shin. 

In 2014, chaith sí an obair in aer, dhíol go leor dá cuid stuif in California agus d’imigh in éineacht lena fear céile ar camchuairt dhomhanda ar feadh 18 mí. Bheartaigh siad beirt an Camino a shiúl agus cúig mhí den turas curtha díobh acu, agus as go brách leo ó Shliabh Piréin i dtreo Santiago. 

Tá áit i dtuaisceart na Spáinne ar a dtugtar an Meseta. Is machaire mór millteach é agus an talamh in chlár ann. Ní chloistear tada ach caint ar an Meseta sna laethanta díreach sula mbaintear amach é agus na hoilithrigh uilig ag súil go mór le sos fada ó chnoic agus shléibhte Thír na mBascach. 

Ach tá an bóthar fada agus nuair nach bhfuil dúshlán chomh fisiciúil sin ann is ar an intinn a imrítear an tionchar. Caithfidh mé a rá go bhfuair mise mé féin an Meseta thar a bheith leadránach agus mar sin an-dian ar an intinn — agus mé ag siúl liom féin ar na bóithre díreacha cothroma tháinig chuile thaibhse a mhaireann i mo chloigeann amach le comhluadar a choinneáil liom. 

Ag deireadh an mhachaire seo tá cathair León, agus ba ansin ar bhinse páirce a shuigh mo dhuine síos lena fear céile cúig bliana ó shin. Ba léir gur thapaigh sé an deis a mhachnamh a dhéanamh ar an Meseta mar is ann a dúirt sé léi gur mhaith leis deireadh a chur lena bpósadh 18 bliain. D’imigh siad abhaile agus scar siad.

An tseachtain seo caite, d’fhill sí féin agus an bheirt charad ar León, d’aimsigh an binse úd, agus chuir tús nua lena seanaistear.

Chuala mé faoi lánúin eile a thosaigh agus siúl lena chéile thart ar an am céanna a thosaigh mise ach a raibh troid mhór acu ar an mbóthar. Tá duine amháin fós ar an mbóthar romham agus an duine eile ina leaba in Seattle anois.

Ach ná ceap a léitheoir, nach ann don ghrá ar an gConair, mar tá scéilín deas agam a chuirfidh ola ar do chroí. Tá aithne agam ar fhear a rinne an turas ina aonar roinnt blianta ó shin. Áit éigin idir Saint-Jean-Pied-de-Port agus Santiago, casadh spéirbhean air agus shiúil siad cuid den bhealach le chéile. Tugadh sonraí teagmhála agus d’fhág siad slán lena chéile in Burgos. D’fhás an cairdeas in imeacht bliana trí ríomhphost, cártaí agus glaonna gutháin, agus beartaíodh go ndéanfadh siad an chéad chuid eile le chéile an bhliain dar gcionn. 

Ba ansin a tharla an draíocht, mar a dúirt an fear fadó, agus d’iompaigh an cairdeas ina chaidreamh idir Burgos agus León. 

D’imigh bliain eile tharstu, an bhliain sin lán eitiltí ó thaobh amháin den domhan go dtí an taobh eile, bhláthaigh an caidreamh ceana go caidreamh grá. Cuireadh turas eile chun na Spáinne in áirithe. 

Shiúil siad beirt an bóthar ó León go Santiago, i ndiaidh dóibh aithne a chur ar a chéile ar an mbóthar céanna dhá bhliain roimhe sin, agus nuair a bhain siad Cathair Shéamuis Naofa amach ar deireadh, phós siad i séipéal beag ann. 

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge