Tá ráite ag an gcraoltóir Ivan Yates go raibh an t-ádh air gur thug sé na cosa leis nuair a rinneadh gearán chuig an BAI faoi chlár teilifíse inar thug sé ‘sceimhlitheoirí cultúir’ ar Bhláthnaid Ní Chofaigh agus cainteoirí Gaeilge eile.
Thug an BAI le fios gur diúltaíodh don ghearán ó Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn mar gur measadh gur ag iarraidh díospóireacht a spreagadh a bhí Yates. Dúradh chomh maith mar mhíniú ar an gcinneadh gur láithreoir é Yates a mbítear ag súil le “tuairimí conspóideacha” a chloisteáil uaidh toisc gur “gnáthnós” aige a bheith ag déanamh ráiteas ar mhaithe le sáraíocht, nó ag déanamh “abhcóide an diabhail” de féin.
Agus é faoi agallamh san Irish Independent, mhaígh Yates go raibh seans leis gurbh é sin an dearcadh a bhí ag an BAI.
“Is mé an craoltóir is mó ádh in Éirinn. Rinneadh gearán áirithe leis an BAI faoi chlár ar a raibh muid ag plé na Gaeilge agus bhí Bláthnaid Ni Chofaigh air agus dúirt mé ‘Níl ionat ach sceimhlitheoir cultúir, ag sá na Gaeilge síos ár scornach. Agus mar sin rinne roinnt daoine a bhí ag féachaint ar an gclár gearán. Ba í an chosaint a bhí ann ná gurb é stíl an láithreora a bheith ag cothú uafáis, a bheith ag dul ar fóir agus a bheith lán tuairimíochta,” arsa Ivan Yates.
Ina gcinneadh faoin gcás, dúirt an BAI gur tugadh “faoi deara go bhféadfadh gur chuir sé sin isteach ar roinnt daoine sa lucht féachana”, ach gur tugadh neart deiseanna do na daoine a bhí faoi agallamh sa chlár “a dtuairimí a chur in iúl agus gur úsáideadh cur chuige cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta ar an iomlán i leith an ábhair”.
Ní raibh “éagóir” i gceist, a chinn an BAI.
Mar fhreagra ar an ngearán dúirt TV3 – Virgin Media 1 anois – go raibh Ivan Yates ag déanamh “abhcóide an diabhail” de féin ar mhaithe le díospóireacht a spreagadh” agus gur ag caint faoi dhaoine “a bhfuil tuairimí dochta acu” a bhí sé, seachas faoi chainteoirí Gaeilge “go sonrach”.
Chothaigh an díospóireacht teilifíse faoin nGaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais fearg mhór i measc lucht na Gaeilge an samhradh seo caite.
Ba é Matt Cooper a chuir tús leis an díospóireacht ar The Tonight Show ar TV3 ar an 19 Meitheamh 2018 nuair a thug sé le fios go ndúirt a chomhláithreoir Ivan Yates le linn bhriseadh na bhfógraí go raibh sé ar son fáil réidh leis an nGaeilge ar fad.
Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Yates ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ agus an chuma ar an scéal go raibh sé ag tagairt do Bhláthnaid Ní Chofaigh, an craoltóir aitheanta Gaeltachta a bhí tagtha ar an gclár chun díospóireacht a dhéanamh faoin nGaeilge ‘éigeantach’ le Niall Boylan ó 4fm.
Nuair a chuir Ní Chofaigh in iúl do Yates gur chuir a ráiteas faoi ‘cultural terrorists’ iontas uirthi, dúirt an láithreoir go raibh sé ag tagairt do “these zealots who believe their way of life should be inflicted on us all”.