Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-bheidh-an-rath-ceanna-ar-na-glasaigh-in-olltoghchan…

Ní bheidh an rath céanna ar na Glasaigh in Olltoghchán…

D’oscail mé Facebook maidin inniu agus chonaic mé go raibh go leor ag roinnt, go feargach, alt a foilsíodh faoin gcéad chomhlairleoir ón gComhaontas Glas, a toghadh riamh i gceantar Chonamara. Alastair McKinstry atá ar an gcomhlairleoir seo agus cosúil le go leor comhairleoirí nua eile, is léiriú é go bhfuil meon na ndaoine ag athrú i leith na héigeandáile aeráide.

Faraor, cosúil leis an ngeábh aa chuaigh na Glasaigh i gcomhrialtas le Fianna Fáil, tá faitíos orm nach mairfidh a mí na meala an mhí fhéin dóibh.

Céard a bhí ráite ag an gComhairleoir McKinstry a chuir an oiread sin oilc ar dhaoine?

Gur cheart dearmad uilig a dhéanamh ar an bplean cuarbhóthar ar fiú €600m é do chathair na Gaillimhe agus gur cheart an t-airgead a chaitheamh ar iompar poiblí.

Seo an fáth a bhfuil daoine sásta vóta a thabhairt do na Glasaigh sa rialtas áitiúil, nó san Eoraip, ach ní dóigh liom go mbeadh an rath céanna orthu in olltoghchán. Ní mhothaítear go bhfuil aon chumhacht acu sna comhairlí éagsúla, agus beidh siad amach as an mbealach lena gcuid smaointe seafóideacha sa Bhruiséil. Ach laghdaíodh an vóta sa toghchán áitiúil an meáchan atá ar an gcoinsias poiblí faoin timpeallacht.

An fhadhb le polasaithe an Chomhaontais Ghlais ná, nach bhfuil siad réalaíoch don ghnáthdhuine. Mar dhuine a bhíonn i mo shuí rómhinic i dtrácht na Gaillimhe, nó níos measa ná sin, a roghnaíonn gan dul abhaile ar cuairt go Conamara ar chor ar bith nuair nach bhfuil agam ach lá nó dhó saor mar gheall ar an méid ama a chaithfinn sa gcarr ceal cuarbhóthar, níl an polasaí dubh agus bán atá acu réalaíoch.

Is cuma cé mhéid bus a bheidh ag taisteal idir Bearna agus lár na cathrach, níl sé sin chun cuidiú liomsa. Ná na mílte as Conamara, nó ón taobh thoir don chathair a chaithfidh taisteal sa trácht gach lá chun dul ag obair.

Ní féidir leo oibriú ón mbaile ceal leathanbhanda, nó tá an chuid is mó de na postanna i monarachain mhóra ag déanamh fearais leighis. Ní bheadh go leor in ann teach a cheannacht i nGaillimh le go mbeadh siad in ann dul ar a rothar ag an obair, nó ag an mbus breá, áisiúil. Níl anseo ach sampla amháin don anró a bheidh ar na Glasaigh go dtí go gcaithfear amach arís iad, nó bh’fhéidir an uair seo go mbeidh ciall acu agus go n-éisteóidh siad le pobal na hÉireann. Pobal atá ag iarraidh a gcuid a dhéanamh don timpeallacht, ach atá ag iarraidh beagán compoird chomh maith.

Caithfear cáin bhreise a sheachaint. In áit cáin charbóin ba cheart ugach a thabhairt do dhaoine carranna leictreacha a cheannacht. Bheadh sé níos éasca ag Alastair McKinsey, atá ag obair i bpost maith san ollscoil i nGaillimh agus atá ina chónaí i Maigh Cuillinn, cáin mar seo a sheasamh.

Ní bheadh an chuid is mó den ghnáthphobal in acmhainn carr nua riamh, ní áirím píonóis a chur orthu mar gheall ar an gcarr meirgeach atá acu, ceal airgid. Mura n-athróidh na Glasaigh a gcur chuige, ní bheidh aon duine in ann dul leo seachas lucht na bpócaí domhain. Tá sé ráite go láidir ag an tír go bhfuil muid ag iarraidh a gcuid a dhéanamh ionas go mbeidh áit ag an té atá ag teacht inár ndiaidh. Ná gearr píonós orainn. Spreag muid

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge