Tá triúr Gardaí sinsearacha gafa agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coireanna coiriúlachta tromchúiseacha.
Gabhadh ceannfort a bhfuil amhras faoi gur sceith sé eolas faoi fhiosrúchán le baill de dhrong coirpeach.
Gabhadh cigire agus amhras ann gur sháraigh sé an tAcht um Mí-úsáid Drugaí agus gabhadh an tríú Garda ar amhras go ndearna sé cúrsa na córa a shaobhadh.
An leasChoimisinéir, Oibríochtaí Speisialta i gCoinne Coireachta, atá i bhfeighil an fhiosrúcháin faoi chaimiléireacht sa bhfórsa.
Gabhadh an triúr i ndeisceart na tíre.
Dheimhnigh an LeasChoimisinéir, Póilíneacht agus Slándáil, John Twomey go raibh an triúr á gcoinneáil le hagaidh a gceistithe agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coir nó coireanna tromchúiseacha.
“Tá an Garda Síochána tiomanta go hiomlán d’fhiosrú a dhéanamh faoi aon bhriseadh dlí nó aon chaimiléireacht a bhfuil baint ag Gardaí leo, agus beimid ag obair i gcomhar le na háisíneahctaí cuí eile chuige sin. Toisc gur fiosrúchán é seo atá ar siúl go fóill ní bheadh sé cuí aon ní eile a rá faoi,” a dúirt John Twomey.