Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht

Ar dhroim na Mucaise!

Fearghal Mag Uiginn

Dún na nGall 1-24 – An Cabhán 2-16

Ná ligtear don scór deiridh dallamullóg ar bith a chur ort, bua slachtmhar a bhí ag Dún na nGall i gCluain Eois inné ar bhuachaillí an Chabháin, nár umhlaigh.

A fhad is a mhair an cluiche seo mar choimhlint, is níor mhair ach cúig bhomaite is fiche, ba ag foireann Dhéagláin Uí Chnáimhsí a bhí an lámh in uachtar in achan ghné den imirt, a bheag nó a mhór. 

Seo an deichiú craobh ag Dún na nGall agus an chéad uair a baineadh dhá chraobh chúige droim le droim, éacht ann féin. Cuirtear leis an éacht sin gur thóg seisear ar an fhoireann an cúigiú bonn cúige inné – Mag Fhloinn, Mac Briartaigh (0-5), Pádaí Mac Craith, Niall Mag Aoidh, Leo Mac An Luain agus an captaen é féin, Mícheál Ó Murchú (0-4). Cúig huaire anois atá an Corn Angla-Cheilteach tógtha aige mar chaptaen, nua-stair.

Is fíor go mbeidh an 2-11 a d’aimsigh an Cabhán sa dara leath mar ardú beag meanman – agus ina ábhar beag imní ag na buaiteoirí go ndearnadh talamh slán den bhua róluath – ach faoin am ar dhírigh Jamie Ó Braonáin (1-4) cúilín eile idir na cuaillí, bhí na buaiteoirí 0-11/0-4 chun tosaigh agus an Cabhán i mbaol a bháite.

Faoi leath ama ní raibh tarrtháil ar bith i ndán d’fhoireann Mhicí Uí Ghréacháin agus d’fhág rabharta ionsaithe sa chéad leath cosaint an Chabháin spíonta – Mac Thomáis (0-2), Jason Mag Aoidh (0-2), Mac Pháidín (0-1), Eoghan Bán (0-1) agus an Dálach óg, Niall (0-1).

Is fiú an pointe a threisiú – a fhad is a mhair an cluiche ceannais seo mar choimhlint, ba ag Dún na nGall a bhí an lámh in uachtar. 

Rinneadh cinneadh cinniúnach sular caitheadh an liathróid isteach nuair a cuireadh Odhrán Mac Pháidín-Ó Fearraigh chun páirce in áit Leo Mhic an Luain.  Dualgas ar leith a tugadh dó agus d’éirigh le fear Ghaoth Dobhair luas Dara Mhic an Bhiataigh an Chabháin a chealú agus ba bheag an tionchar a bhí ag laoch Bhreifne dá bharr.    Plúchadh a iarrachtaí go luath is go minic faoi chosaint daingean na mbuaiteoirí.

Thosaigh deacrachtaí an Chabháin ag an chúl s’acu féin agus brú fiánta á chur ar chic amach an chaptaein agus an chúl báire, Réamonn Ó Gealagáin.   Ba shuntasach an buntáiste a bhí ag na buaiteoirí san aer nuair a b’éigean do Ó Gealagáin cic amach fada a roghnú.   Mac Pháidín, Mag Aoidh, Ó Langáin (0-1) is Mac Thomáis ina ann a seilbh féin a ghnothú agus tús a chur le hionsaí eile.    Imirt bhreá oscailte a bhí le leas na mbuaiteoirí.

Ba shuntasach an chodarsnacht fosta ag ceann eile na páirce mar níor aimsigh an Cabhán ach scór amháin ón imirt sa chéad leath, in aineoinn iarrachtaí móra Mhic Thiarnáin, Mhuíneach agus Mháirtín Uí Raghallaigh.  Ba shuntasaí an chodarsnacht maidir leis an chic amach.   Go rialta, bhí cúl báire Dhún na nGall, Seán Ó Peatáin, in ann imreoirí a aimsiú ar a thoil le cic amach 70-80 méadar agus tús a chur le hionsaí eile láithreach bonn.

Caithfear a lua gur bheaichte ‘pas’ amach ná cic amach mar arís eile thug fear Naomh Adhamhnáin taispeántas oilte, go speisialta sa chéad leath sin.

Agus Rian Mag Aoidh (0-1) ag stiúradh ghluaiseachtaí fíochmhara na bua nach raibh neart ag an Chabhán orthu, cuireadh leis an bhuntáiste.  Faobhar fíochmhar.  Ó Braonáin ag casadh is ag lúbadh agus mar chrá croí an lá ar fad lena luas.  Bhí fir an Chabháin ar a ndícheall le splanc a aimsiú a dhéanfadh an fhoireann agus a lucht leanúna ollmhór a ghríosú – ach fírinne na peile gur beag dóchas a bhí fágtha ag leathama ach cóir na gaoithe bheith leo sa dara tréimhse.

Dún na nGall 0-13 – An Cabhán 0-5

Is cinnte gur léirigh an Cabhán mianach, spiorad, miotal, bród agus crógacht sa dara leath – in aghaidh easa.     Cuireadh Cian Ó Maca chun páirce ag leathama agus is díol spéise é gur aimsigh fir ionaid an Cabháin 2-4 eadarthu inné. 

Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh leo buntáiste beag a bhaint as an ghaoth agus as Mac an Bhiataigh (0-3) a bhogadh isteach mar lántosaí.   Bhí ruathair aonair Oisín Mhic Phiarais ag cruthú seansanna, ba mhinice Mac Thiarnáin (0-6) le sonrú sa chomhimirt, ach cúl a bhí de dhíth go géar le haiséirí de chineál ar bith a spreagadh.

Agus tháinig cúl – ach ag ceann eile na páirce.  Jamie Ó Braonáin a chuir deireadh le dóchas ar bith a bhí ag an Chabhán nuair a thug a luas isteach go croí lár na cearnóige é.  A ghliceas (nó a inchinn peile?!) a thug air ligint don liathróid titim dá lámha.  Scuab sé an liathróid isteach san eangach go hoilte lena chos dheas.

Sop in áit na scuaibe a bhí sa dá chúl a d’aimsigh an Cabhán ar ball. 

Tá obair idir lámha sa Chabhán a thiocfas in aibíocht leis an chiall cheannaithe a tógadh inné.  Tá obair idir lámha ag Micí Ó Gréacháin nár tháinig bláth uirthi go fóill ach oiread.  Níl ach ceithre mhí caite aige i mbun oibre mar ba cheart.

Is cóir bliain ar a laghad a thabhairt sula dtig breithiúnas a dhéanamh ar an dul chun cinn. Bliain. 

Is maith a thuigeann fear amháin a thóg a chuigiú bonn inné achar bliana.  

Pádaí Mac Briartaigh. 

Bliain ghlan ó shin sa chluiche ceannais rinneadh dochar mór dá bhallnasc croiseach agus fágadh ar thrá fholamh na peile é. 

Inné, bhí laoch Chill Chartha ar a sheanléim agus ceithre chúilín ón imirt aige.

Seans nach bhfuil séasúr Dhún na nGall ach ina thús.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge