Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Colúin
  • ‘D’oibrigh sé cheana…’ an cur chuige ag Trump agus a fheachtas seolta aige
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘d’oibrigh-se-cheana…’-an-cur-chuige-ag-trump-agus-a-fheachtas-seolta-aige

‘D’oibrigh sé cheana…’ an cur chuige ag Trump agus a fheachtas seolta aige

In Orlando Florida aréir sheol Donald Trump a fheachtas toghcháin agus é ag súil go n-atoghfar ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an bhliain seo chugainn é. Ceithre bliana ó shin is ina thúr féin i Nua Eabhrac a sheol an fear gnó agus pearsa teilifíse feachtas nár shíl mórán go mbeadh toradh air.

Déanadh beag is fiú dó nuair a labhair sé ar mhargaí trádála éagóracha agus ar bhalla mór a thógáil idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo. Bhí sé ina cheap magaidh le linn réamhthoghchán na bPolachtánach ach fuair sé an ceann is fearr ar an 16 iarrthóir eile ar ainmniúcháin an pháirtí. Sa toghchán uachtaránachta féin fuair sé an ceann is fearr ar Hillary Clinton a raibh blianta caite aici ina cónaí sa Teach Bán agus blianta caite aici ina polaiteoir sinsearach. Den chéad uair riamh toghadh Uachtarán nach raibh aon taithí pholaitiúil aige ná aon tréimhse caite aige sna fórsaí míleata.

Ní haon iontas gurb é Florida a roghnaigh Trump aréir don seoladh. Bíonn Florida ar cheann de na stáit is cinniúnaí i ngach toghchán uachtaránachta sna Stát Aontaithe. Bhí an stát seo agus an 29 vóta a ghabhann leis sa choláiste toghcháin lárnach i mbua Trump in 2016. Ní mór cuimhneamh i gcónaí gur fear é seo ar éirigh leis teacht i dtír ar chóras an choláiste toghcháin chun an bua a fháil ar Clinton in ainneoin cúpla milliún vóta níos mó a bheith aici.

Tá feachtas 2016, an bealach a ritheadh é agus an lámh a bhí ag an Rúis ann, lárnach in uachtaránacht Donald Trump ón gcéad lá.

Ag an seoladh aréir, thagair sé d’fhiosrúchán Robert Mueller faoin bhfeachtas sin agus mhaígh nár cruthaíodh go raibh aon “collusion” ná “obstruction” i gceist leis.

Is nós le Trump drochscéal a iompú ina dea-scéal, ach ní dhearna sé mórán cainte aréir ar na pobalbhreitheanna a léiríonn go bhfuil a fheachtas ar an bhfaraor géar cheana féin. 

An teachtaireacht a bheidh ag Trump sa toghchán seo? An eacnamaíocht bun agus barr chuile shórt, a amadáin! Tá na stocmhargaí ina neart, tá an ráta fáis ag 3% agus an ráta dífhostaíochta níos ísle ná mar a bhí le leathchéad bliain. Beidh sé deacair in áiteacha cosúil le Michigan agus Ohio, a bheidh cinniúnach sa toghchán seo, dul i ngleic leis na fíricí sin.

Seachas sin, ba léir aréir go mbeidh an cur chuige toghchánaíochta achrannach deighilteach céanna in úsáid aige an geábh seo agus go mbeidh sé ag brath arís ar fhuath a spreagadh do Dhaonlathaigh agus do na meáin.

Ar ndóigh, má éiríonn leis na Daonlathaigh iarrthóir sách láidir a roghnú beidh sé níos éasca dúshlán Trump a thabhairt. Tá os cionn scór acu sa tóir ar ainmniúchán faoi láthair agus tráthúil go leor cuirfidh siadsan tús le sraith díospóireachtaí in Orlando an tseachtain seo chugainn. Tá an Leas-Uachtarán Joe Biden i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna agus é ag díriú ar chuid de na vótóirí céanna le Trump – an aicme oibre sna stáit chinniúnacha i lár na Stát Aontaithe.

Tá go leor daoine a bhfuil imní orthu faoin lorg a d’fhágfadh ceithre bliana eile do Donald J Trump sa Teach Bán ar chúrsaí ní hamháin i SAM ach ar fud an domhain. Pé imní nó faitíos atá orthu, is sna Stát Aontaithe amháin a bheidh an cinneadh le déanamh. Cuireadh tús oifigiúil leis an bhfeachtas in Orlando aréir cé nach gcaithfear aon vóta go dtí mí na Samhna na bliana seo chugainn.

Agus tar éis a bhfuil de chonspóidí ag baint le Trump ó 2016 i leith, creidimse go bhfuil an oiread aige le maíomh as agus a thiocfaidh go mór i gcion orthu siúd a bheidh ag caitheamh na vótaí úd.

Níos mó

Máirín Ní Ghadhra

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge