Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Fíneáil £2,500 á bagairt ar phinsinéir as comhartha Gaeilge a bheith crochta ina gairdín
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fineail-2,500-a-bagairt-ar-phinsineir-as-comhartha-gaeilge-a-bheith-crochta-ina-gairdin

Fíneáil £2,500 á bagairt ar phinsinéir as comhartha Gaeilge a bheith crochta ina gairdín

Tá cáineadh géar déanta ar chomhairle ó thuaidh as bagairt a dhéanamh fíneáil £2,500 a ghearradh ar phinsinéir mura mbaineann sí anuas comhartha Gaeilge atá crochta ina gairdín.

Comhartha do ‘Gleann na Fuinseoige’, ‘Ashdale’ i mBéarla, atá i gceist leis an gcomhartha a chuir Medb Ní Dhúláin in airde i ngairdín a seanmháthar i mBaile Raghnaill.

Dúirt Medb Ní Dhúláin, an té a chuir an comhartha in airde, gur baineadh geit aisti nuair a tháinig litir ón gcomhairle ag bagairt fíneáil a ghearradh ar a seanmháthair.

“Baineadh geit asam nuair a chonaic mé an litir a fuair mo sheanmháthair, ar léi an teach atá i gceist,  ón Chomhairle, i dtaobh an chomhartha seo. Ón uair a cuireadh in airde an comhartha, nach dtugann ach ainm na sráide as Gaeilge, is iomaí comharsa a tháinig i dteagmháil linn lena lúchair a chur in iúl go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil ar an tsráid.

“Is freagra iomlán scannalach, agus leoga, mí-úsáid chumhachta é pinsinéir a bhagairt le fíneáil agus ciontú. Is fíorbheagán atá déanta ag an Chomharirle chun an teanga a chosaint nó tacú léi, rud atá mar dhualgas orthu de réir conarthaí éagsúla, agus ina áit sin, cuireann siad a bhfuinneamh amú ag dul sa tóir orthu siúd a chuireann comharthaí beaga Gaeilge in airde ina ngairdín féin. Luaigh an Chomhairle go sáraíonn an comhartha seo polasaí fógraíochtaí na Comhairle. Ach titeann an comhartha seo taobh amuigh de pholasaí fógraíochta na Comhairle, mar gheall ar mhéid agus suíomh an chomhartha. Tá mé anois ag lorg comhairle dlí. Tá súil agam go spreagfaidh an eachtra seo comhrá níos leithne i dtaobh an chur chuige seanaimseartha a ghlacann an Chomhairle i dtaobh na Gaeilge. Cuirtear deireadh leis an leatrom leanúnach,” arsa Medb Ní Dhúláin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, An Dream Dearg, go gcuireann “gníomhartha scannalacha” mar seo leis an “clú frithGhaeilge atá ar an Chomhairle seo cheana féin”.

Tharraing Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach siar a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide san Ard-Chúirt anuraidh.

Athrú ó bhonn ab ea é sin ar dhearcadh lucht na comhairle faoin bpolasaí, a rabhthas fós ag maíomh cúpla seachtain roimhe sin go raibh sé “dleathach agus cuí”.

Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin gurb amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle a bport a athrú arís i gcás na litreach.

“Seo an Chomhairle chéanna a rinne iarracht anuraidh cosc iomlán a chur ar chomharthaí dátheangacha. Lean siad orthu leis an chúis chaingne seo, cé go ndúradh leo arís agus arís eile go raibh seo mídhleathach agus d’fhan siad go dtí lá an athbhreithnithe bhreithiúnaigh chun í a tharraingt siar.

“Arís eile, tchítear go bhfuil airgead poiblí á chur amú acu siúd atá go daingean in éadan na Gaeilge. Ní léiríonn an comhartha Gaeilge ach an t-ainm sráide Béarla ina bhunleagan. Níl lá amhrais orm ach go dtarraingeoidh an Chomhairle an bhagairt seo siar nuair a aithníonn siad go bhfuil sé thar fóir agus go sáraíonn sé soláthar a bhaineann le saoirse tuairimíochta.

“Is é an t-aon réiteach fadtéarmach a chuirfidh deireadh leis na hionsaithe seanaimseartha seo ar fad ná reachtaíocht Ghaeilge a chuireann treoir dhlíthiúil agus reachtúil i dtaobh feiceálachta agus úsáide na Gaeilge ar fáil.”

Chuir an comhairleoir de chuid Shinn Féin Henry Cushinan i leith Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach gur léiriú ar a n-easpa measa ar an nGaeilge an scéal go bhfuil fíneáil á bagairt ar an bpinsinéir i mBaile Raghnaill as comhartha Gaeilge a bheith curtha in airde ina gairdín.

Dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin gur chóir don chomhairle, a tharraing siar a bpolasaí conspóideach ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide anuraidh, a bheith ag cabhrú le daoine a bhfuil comharthaí Gaeilge uathu seachas a mhalairt.

Dúirt an comhairleoir Henry Cushinan go raibh sé thar am ag an gcomhairle polasaí a thabhairt isteach chun go bhféadfaí comharthaí sráide i nGaeilge a chrochadh in áiteanna a raibh éileamh ar a leithéid.

“Ina  áit sin, tá litreacha bagracha á seoladh go dtí áitreabhaigh ag tabhairt rabhadh dóibh i dtaobh fíneálacha £2,500 agus íocaíochtaí breise £250 do gach lá nach mbaintear anuas na comharthaí.

“Beidh cruinniú á lorg ag Sinn Féin mar ábhar práinne le feidhmeannas na Comhairle mar is saoránaigh agus íocóirí rátaí iad Gaeilgeoirí. Tá cearta agus acu agus tá an meas agus an urraim chéanna ag dul dóibh is atá ag dul do gach saoránach eile.

“In áit é sin a shéanadh ba chóir do Chomhaire Aontroma agus Bhaile na Mainistreach céimeanna a thógáil láithreach maidir le polasaí comharthaíochta a chur i bhfeidhm a léiríonn meas ar phobal na Gaeilge agus a bhféiniúlacht,” arsa Henry Cushinan, comhairleoir de chuid Shinn Féin. 

I mí Feabhra na bliana seo caite, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

An mhí dár gcionn, chuir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste aighneacht chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach inar moladh “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Dúirt Leas-Stiúrthóir CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie ag an am gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sé.

Mar fhreagra ar aighneacht an CAJ, mhaígh Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach go raibh an polasaí ‘Béarla amháin’ acu “dleathach agus cuí”.

Bean a bhfuil a clann ag freastal ar Ghaelscoil sa cheantar a bheartaigh cás a thógáil in aghaidh na Comhairle maidir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’, a mhaígh sí a bhí in aghaidh an dlí.

Tuairiscíodh ina dhiaidh sin go raibh comhairle dlí faighte ag an gComhairle an polasaí a tharraingt siar toisc é a bheith mídhleathach agus ní dheachaigh siad ar aghaidh le hiad féin a chosaint sa chúirt.

Ba iad Cumann Áitritheoirí Abbeyville a rinne an t-iarratas go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu agus a gcás bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile.

Dar le Daniel Holder go raibh an moladh maidir le polasaí ‘Béarla amháin’, ar vótáil na comhairleoirí ar a shon, in aghaidh an dlí.

“Cuireadh deireadh i 1995 leis an seandlí de chuid Stormont a chuir cosc ar an nGaeilge – níl sé dleathach anois ag Comhairle cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha i ngach cás, beag beann ar dhearcadh na n-áitritheoirí ar an tsráid atá i gceist.

“Bheadh aon pholasaí dá leithéid ag teacht salach ar chonarthaí maidir le cearta an duine a shínigh an Ríocht Aontaithe le Comhairle na hEorpa agus ar na gealltanais a tugadh i dtaobh na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge