Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Cultúr
  • ‘Ireland can’t hope to preserve a tinge of national distinctiveness if the Irish language should disappear’ – ocht ‘seoid’ Ghaeilge ó Leabharlann an Oireachtais
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ireland-can’t-hope-to-preserve-a-tinge-of-national-distinctiveness-if-the-irish-language-should-disappear’-–-ocht-‘seoid’-ghaeilge-o-leabharlann-an-oireachtais

‘Ireland can’t hope to preserve a tinge of national distinctiveness if the Irish language should disappear’ – ocht ‘seoid’ Ghaeilge ó Leabharlann an Oireachtais

Cuireadh ábhar ó Leabharlann an Oireachtais a bhain leis an nGaeilge ar fáil inniu mar chuid de bhailiúchán speisialta do cheiliúradh Dáil100.

Tugadh cuireadh do roinnt aoi-choimeádaithe na míreanna is fearr leo a roghnú ón mbailiúchán. Ba é Ceann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD a sheoil an ócáid i dTeach Laighean ar maidin agus bhí sé féin ar dhuine de na haoi-choimeádaithe a roghnaigh ábhar.

Cuimsítear sna Bailiúcháin Speisialta an tréimhse ó dheireadh an séú céad déag i leith agus áirítear orthu monagraif stairiúla, léarscáileanna, tréimhseacháin, cartúin, priontaí, agus paimfléid.

An Dr. Aoife Whelan, léachtóir i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,  a roghnaigh an t-ábhar a bhaineann leis an nGaeilge, atá le feiceáil thíos.

Tá cóipleabhar mar chuid de chomhad faoin Society for the Preservation of the Irish Language atá i mbailiúchán Stairiúil Ginearálta Leabharlann an Oireachtais. Ar chlúdach an chóipleabhair tá crann ar a bhfuil ‘craobhacha’ an chumainn, agus na craobhacha sin ag síneadh chomh fada le Bostún agus Brooklyn. Tuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil a thagann leis go bhfuil méadú tagtha ar an suim atá á léiriú ag múinteoirí sa chumann agus go bhfuil méadú tagtha leis ar líon gcóipeanna d’fhoilseacháin an Society atá á ndíol.

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an paimfléad seo faoi bhráid an rialtais in Iúil 1950. Is cuid de bhailiúchán Stairiúil Ginearálta Leabharlann an Oireachtais é. Moltar sa phaimfléad go ndéanfaí níos mó scannán Gaeilge agus deirtear ‘there is no prospect of saving the language unless films in Irish are provided’.

Moltar gur chóir scannáin a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge: ‘It is time to show the people of the Gaeltacht that Irish is more than a language of folklore, of the stony-field, of the open fishing boat and of poorly rewarded toil.’ I measc na moltaí a bhí ag an gComhdháil faoi na scannáin nua Ghaeilge, dúradh nár cheart go mbeidís níos faide ná deich nóiméad agus nár cheart aon ‘extreme dialect’ a bheith ag na haisteoirí.

In 1926, d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta sraith léarscáileanna a léirigh céatadán agus líon iomlán na gcainteoirí Gaeilge ar fud na tíre de réir dhaonáireamh 1911.  Taispeántar ar an léarscáil na Toghranna Dúiche d’iarthar na hÉireann. Léirscáil dathchódaithe í, agus léiríonn na dathanna céatadán na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair éagsúla. Is cuid de bhailiúchán Stairiúil Ginearálta Leabharlann an Oireachtais an léarscáil seo.

Seo leagan Béarla den aitheasc uachtaránachta a thug Earnán de Blaghd (1889–1975) do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mí na Nollag 1949. Is cuid de bhailiúchán Stairiúil Ginearálta Leabharlann an Oireachtais é. Deir de Blaghd: ‘[Ireland] cannot hope to preserve for long even a tinge of national distinctiveness if the Irish language should be allowed to disappear’. Mhaígh sé chomh maith go raibh gá le gníomh polaitiúil ar son na teanga. ‘In my opinion, the reason why the State has not yet begun to take seriously its responsibilities in regard to Irish is that very few of those that are active and influential in poilitics realise the immensity of the difficulties that have to be overcome.’

Agus bhí foláireamh aige faoi céard a bhí i ndán don Ghaeltacht cheal gnímh: ‘Unless the State adopts a much less unconcerned attitude, we cannot expect that the people of the Gaeltacht will be persuaded to strive consistently and actively to maintain a custom, in which they merely happen to have been brought up, against the manifold forces which are attacking it.’ Chaithfeadh gluaiseacht na Gaeilge ‘crankiness’ a sheachaint chomh maith, a mhaígh sé.

Leabhar de dhlíthe luatha na hÉireann ón 12ú haois déag is ea Leabhar na gCeart. Leagtar amach ann cearta agus teidlíochtaí uaisle na hÉireann. Eagrán cáiliúil atá i gcóip Leabharlann an Oireachtais a d’aistrigh an scoláire, John O’Donovan (1809–1861) agus a d’fhoilsigh an Cumann Ceilteach in 1847. Bhronn an tSiúr Margaret Anna Cusack (1829–1899), nó ‘Bean Rialta Neidín’. mar a thugtar uirthi, an chóip seo ar Leabharlann na Parlaiminte.

Bailiúchán gearrscéalta le Pádraig Mac Piarais (1879–1916) is ea Íosagán agus Sgéalta eile. Níl aon cheangal bunaidh ar chóip an Oireachtais agus mar sin ní fios cén fhoinse atá aige, ach tá an leabhar mar chuid de bhailiúchán Staire Ginearálta Leabharlann an Oireachtais.

Tuarascáil atá anseo ó Choiste Fiosrúcháin Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) maidir le húsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc do leanaí ó theaghlaigh a labhraíonn Béarla. Is cuid de bhailiúchán cartlainne Leabharlann an Oireachtais é.

Bhí imní ar an INTO go raibh úsáid na Gaeilge mar mheán oideachais ag cur bac ar athbheochan na teanga. Déantar cur síos sa tuarascáil ar an gcur chuige i leith an oideachais agus i leith na Gaeilge a bhí ag an INTO ó na 1920idí. Tá fáil sa cháipéis seo chomh maith ar thorthaí ceistneora a scaip an ceardchumann i measc a mball. Tá tuairimí éagsúla ann faoi gach ábhar scoile. Deirtear, mar shampla, go bhfuil an fhuáil ar cheann den bheagán ábhar nach bhfuil oiread sin dúshlán ag baint lena theagasc trí Ghaeilge: ‘Needlework is one of the very few school subjects that can be reasonably effectively done through the medium of Irish.’

Seo an chéad tuarascáil ón Irish society for promoting the education of the native Irish through the medium of their own language, a bunaíodh in 1818. Is cuid de bhailiúchán Stairiúil Ginearálta Leabharlann na Parlaiminte é. Grúpa misinéireachta Protastúnach ba ea an Society a dhírigh ar Chaitlicigh a labhair Gaeilge a iompú ina bProtastúnaigh. Bhunaigh baill d’Eaglais na hÉireann an cumann i mBaile Átha Cliath agus i measc na mball bhí an scríbhneoir Henry Joseph Monck Mason (1778–1858) agus Robert Daly (1783–1872), Easpaig Chaisil, Phort Láirge agus na Leasa Móire. Bhí sé mar aidhm ag an Society scrioptúr reiligiúnach a chur ar fáil i nGaeilge.


Is féidir tuilleadh den bhailiúcháin ábhar a fheiceáil anseo.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge