Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Polasaí don luathoideachas Gaeltachta ag teastáil ar bhonn práinne – tuarascáil Oireachtais
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-polasai-don-luathoideachas-gaeltachta-ag-teastail-ar-bhonn-prainne-–-tuarascail-oireachtais

Polasaí don luathoideachas Gaeltachta ag teastáil ar bhonn práinne – tuarascáil Oireachtais

Is gá polasaí don luathoideachas Gaeltachta agus scéim aitheantais do naíonraí Gaeltachta a thabhairt isteach ar bhonn práinne, de réir tuarascála nua ó Thithe an Oireachtais.

Sa tuarascáil nua a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna, deirtear gur chóir macasamhail an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht a thabhairt isteach do naíonraí agus ionaid cúraim leanaí sa Ghaeltacht.

Deirtear go bhfuil ar na seirbhísí luathoideachais Gaeltachta “dul i ngleic le dúshláin ollmhóra ar bhonn leanúnach” agus go bhfuil ‘easpaí móra’ ann maidir le hoiliúint daoine chun dul ag obair in ionaid luathoideachais a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Thabharfaí deis faoin bpolasaí nua do sheirbhísí luathoideachais sa Ghaeltacht stádas Gaeltachta a fháil ach critéir éagsúla a chomhlíonadh.

Faoi láthair trí Bhéarla a fheidhmíonn níos mó ná leath de na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gan ach 59 den 127 naíonra a fhaigheann tacaíocht ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Tá tuarascáil nua an choiste Oireachtais bunaithe ar shraith cruinnithe a bhí acu le dreamanna éagsúla atá ag plé leis an luathoideachas Gaeilge agus Gaeltachta. 

Maíodh ag ceann de na cruinnithe sin nach raibh barúil ar bith ag an stat faoi riachtanais teanga leanaí óga na Gaeltacht agus rinneadh éileamh ar pholasaí náisiúnta nua a thabharfadh aitheantas do na dúshláin ar leith a bhíonn roimh chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta.

Dúradh chomh maith nárbh fhiú faic aon phlean teanga a thabhairt isteach sa Ghaeltacht mura dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin atá roimh chóras luathoideachais na Gaeltachta. 

Dúirt an státseirbhíseach is sinsearaí sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige áfach nach bhfuil aon phlean ag a roinn maoiniú nó tacaíocht bhreise a chur ar fáil do naíonraí nó naíolanna na tíre chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Deirtear sa tuarascáil áfach go bhfuil géarghá le tacaíocht bhreise a thabhairt d’ ionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht.

“Baineann dúshláin ar leith le soláthar an luathoideachais trí mheán na Gaeilge sna cúinsí casta seo; teanga faoi bhrú, pobal faoi bhrú, tumoideachas cuimsitheach a chur ar fáil. Má táimid ag iarraidh na brúnna sin a laghdú agus an tumoideachas cuimsitheach a chur i bhfeidhm, tá orainn cúnamh breise a thabhairt do na cúramóirí, na bainisteoirí agus na leanaí araon. 

“Tá gá i bhfad níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh; tacaíocht atá bunaithe ar choinníollacha ar leith, agus coinníollacha atá i bhfad níos fearr ná mar atá ann faoi láthair. Má táimid ag iarraidh ar na leanaí ceannas a fháil ar dhá theanga dhifriúla i sochaí dhátheangach, agus má táimid i ndáiríre faoi chúramóirí agus bainisteoirí oilte a fhostú, tá orainn an tacaíocht seo a thabhairt dóibh láithreach bonn.” 

Tá roinnt beartas i leith chóras luathoideachais na Gaeltachta luaite i bplean gníomhaíochta cúig bliana an Rialtais don Ghaeilge ach deirtear sa tuarascáil nua gur gá “níos mó sonraí” a chur ar fáil i dtaobh na ngníomhartha sa phlean sin. 

25 moladh ar fad atá sa tuarascáil nua.

I measc na moltaí sin, deirtear gur cheart mbeadh cóimheas an-íseal idir cúramóirí agus leanaí in ionaid luathoideachais a bhíonn ag feidhmiú  trí Ghaeilge. Tá roinnt moltaí ann freisin maidir le cáilíochtaí agus coinníollacha oibre na gcúramóirí. Moltar go gcuirfí cáilíochtaí ó Leibhéal 5 go dtí Leibhéal 8 ón eagraíocht Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ar fáil i nGaeilge agus go gcuirfear oiliúnt speisialta ar fáil do chúramóirí maidir le saibhreas Gaeilge agus an tumoideachas. 

Moltar chomh maith go gcuirfí oiliúint ar chúramóirí faoin tslí is fearr chun cabhrú le leanaí teangacha a fhoghlaim. 

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, níl aon phlean ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cúrsaí foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe cúram leanaí agus naíonraí na tíre.

Dar leis an Roinn sin, ag brath ar an gcineál cúrsa a bheadh i gceist, go gcosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún an sórt sin oiliúna a sholáthar.

Deirtear sa tuarascáil nua gur chóir do naíonraí na tíre éileamh a dhéanamh le chéile “ar thuarastal, coinníollacha oibre agus áiseanna níos fearr”. 

Moltar go gcinnteodh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus TUSLA gur i nGaeilge a bheidh gach cumarsáid a dhéantar le seirbhísí luathoideachais atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus gur i nGaeilge a dhéanfaí cigireacht ar na seirbhísí sin. 

Tá ráite cheana ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige nach bhfuil sí “sásta” nach bhfuil ach cainteoir líofa Gaeilge amháin, a bhíonn ag freastal ar cheantar Gaeltachta amháin, i measc an 47 cigire atá fostaithe i gCigireacht Luath-Óige Tusla.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge