Chaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú sa chás go mbeadh Éire Aontaithe ann, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar.
Agus é i mbun díospóireachta ag Féile an Phobail i mBéal Feirste aréir, dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh daoine a thuiscint gur ‘Stát eile’ a bheadh ann dá mbainfí Éire Aontaithe amach.
Dúirt sé go mbeadh gá sa chás sin le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifgiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.
Le linn na díospóireachta céanna, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go gcaithfeadh vóta faoi athaontú na hÉireann a bheith ann sa chás go mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh.
Dúirt Vardkar gur ábhar scoilte a bheadh ina leithéid de vóta aimsir an Bhreatimeachta agus tráth a bhfuil sáinn pholaitiúil ann ó thuaidh. Mhaígh sé chomh maith gur údar imní a bheadh ann dá vótálfadh móramh an-bheag daoine ar son aontú na tíre.
Ag an ócáid chéanna aréir, mhaígh Gregory Campbell an DUP gur mór aige an Ghaeilge. Tá an cháil ar an bhfeisire parlaiminte go bhfuil dearcadh tarcaisneach go maith aige i leith na teanga.
Maidir leis an scigaithris a rinne Campbell i gComhthionól Stormont cúpla bliain ó shin ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’, dúirt sé aréir gurb amhlaidh go bhfuil meas aige ar an teanga agus gur masla di an mhí-úsáid a bhaineann polaiteoirí eile aisti.
Ag an bhféile chéanna in iarthar Bhéal Feirste cúpla bliain ó shin, thug an tráchtaire peile aitheanta Joe Brolly léasadh teanga do Campbell mar gheall ar a dhearcadh i leith na Gaeilge.