Picnic Ghaelach 2019 | 5 imeacht Gaeilge den chéad scoth ag Picnic Leictreach i mbliana
#CroínaFéile
An Chollchoill ó 21:00 go 00:00 gach oíche den fhéile
Beidh #CroínaFéile sa Chollchoill ar siúl gach oíche ó 19:00 go 00:00. Beidh ort a bheith i láthair mar bheidh gach rud Gaelach le feiceáil ann: ceol traidisiúnta, filíocht, scéalaíocht, amhránaíocht agus rince ar an sean-nós, dramaíocht agus ar ndóigh siamsaíocht agus craic den chéad scoth.
Chun tús iontach a chur le bhur bPicnic molann muid cuairt a thabhairt ar an gCollchoill ag 21:00 agus sult a bhaint as véarsaíocht Oisín Mac Giolla Bhríde. Fánaigí i measc na gcoillte go dtí 23:00 nuair a chuirfidh Anima – DJ Ailbhe an slua faoi geasa leictreonach agus an dorchadas ag méadú diaidh ar ndiaidh. Breathnaigh ar an amchlár don Chollchoill anseo.
REIC – Spoken word ilteangach
An Chollchoill ó 19:00 go 20:00 ar an Satharn
Cuireann REIC tús fileata le oíche Shatharn sa chollchoill. Beidh REIC ar siúl ag 19:00 agus cuirfidh bean an tí Ciara Ní É fáilte roimh: Sheámus Barra Ó Súilleabháin, Seaghan Mac an tSionnaigh, Maolíosa Nic Éadaoin, Cara Park agus roinnt daoine eile.
Tapaigh an deis agus bain triail as rud nua sa chollchoill. Leanfaidh REIC ar aghaidh go dtí 20:00. Beidh sé deacair dearmad a dhéanamh ar an eispéireas fileata Gaelach seo.
Karaoke Droch le Ceathréad Capriccio
An Puball Gaeilge ó 15:00 go 16:00 ar an Satharn
Is éard atá i gceist leis an imeacht spéisiúil seo ná seisiún Karaoke ina gcanfar ‘móramhráin na 80idí agus 90idí le drochaistriúchán ó Ghoogle.’
Cinnte beidh ábhar grinn agus craic ar ardchaighdeán ag baint leis d’óg agus aosta araon. Buail trasna chuige nuair atá deis agat agus glac páirt ann má tá tú ag mothú cróga. Féach ar chlár iomlán an Phubaill Ghaeilge anseo.
Ciorcal Cannaí sa Ghaeltacht
An Ghaeltacht ó 13:00 go 14:oo ar an Satharn & Domhnach
Bailigh bhur chairde agus tabhairt faoi dhíospóireachtaí éagsúla leis na Gaeil sa Ghaeltacht. Ná déan dearmad bhur gcannaí nó cupáin in-athúsáidte (déan do rogha fhéin) a thabhairt libh agus sibh i mbun tobsmaointeoireachta.
Beidh comhrá le cannaí ag dul ar aghaidh ar an Satharn agus Domhnach ag 13:00 agus is deis iontach í do chuid smaointe ar ábhair éagsúla a leiriú, chomh maith le scúps a bheith agat. An bhfuil aon rud níos fearr? Breathnaigh ar amchlár na n-imeachtaí sa Ghaeltacht anseo.
IMBOLC an Domhnaigh
An Puball Gaeilge ó 12:00 go 13:00 ar an Domhnach
Is éard atá i gceist le hIMBOLC ná sraith cainteanna as Gaeilge faoi ábhair shainspéise. Dar le suíomh na féile bíonn ‘scoth na nGael, a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu, ag caint (agus ag díospóireacht) ann.’ Cuirtear ‘Ted Talks na Gaeilge’ ar na cainteanna seo agus cinnte beidh roinnt mhaith le foghlaim uathu agus machnamh domhain le déanamh ina ndiaidh.
Ag Picnic Leictreach ar an Domhnach i mbliana beidh cainteanna faoi dhúshláin margaíocha Coke, Spioradáltacht Cheilteach agus ábhair spéisiúla eile. Buail trasna le léargas a fháil! Tabhair cuairt ar shuíomh IMBOLC anseo agus foghlaim tuilleadh faoin gcineál féile atá inti.