Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Nuacht
  • Scagadh le déanamh fós ar ghné na Gaeilge d’fhorbairt Shráid an Mhúraigh
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-scagadh-le-deanamh-fos-ar-ghne-na-gaeilge-d’fhorbairt-shraid-an-mhuraigh

Scagadh le déanamh fós ar ghné na Gaeilge d’fhorbairt Shráid an Mhúraigh

Níltear ar aon fhocal fós faoi ghné na Gaeilge den fhorbairt atá beartaithe do Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath.

Ar na moltaí a rinne Grúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh don tsráid ina gcéad tuarascáil, bhí lárionad Gaeilge, ina mbeadh amharclann, caifé agus áiseanna cultúir, sóisialta, gnó agus fiontraíochta eile.

Ach sa dara tuarascáil de chuid an ghrúpa, a foilsíodh inniu, tá gné na Gaeilge den fhorbairt luaite i measc na n-ábhar nach bhfuiltear ar aon fhocal fúthu ach gur gá scagadh breise a dhéanamh orthu.

Moltar sa tuarascáil nua nach “museum per se” a cheart a bheith ar an láthair stairiúil ach “more of an interpretative centre experience with Irish language, music, poetry and more”.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuiltear fós i mbun machnaimh faoi “the possibility of a Museum, a public multiplexed cultural exhibition, traditional music and Irish language facilities, lecture and performance space, artists’ workshops and Creative Commons, and a public library of Irish language literature/speech/song (including for children) is being contemplated.”

Deirtear chomh maith nach bhfuil an grúpa chomh scoilte faoi chúrsaí is a shíleann siad féin.

“The group is disparate although much closer together than they themselves understand. Probably due to past splits over details, they are mistrustful of each other. “

Dúradh sa chéad  tuarascáil de chuid an ghrúpa, The Moore Street Report: Securing History,  go luíonn sé le réasún go mbeadh spás oifige ar fáil sa lárionad Gaeilge nua d’eagraíochtaí teanga atá maoinithe ag an Stát.

Dúradh gur mhaith a d’fheilfeadh an suíomh do lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath mar gheall ar an gceangal atá ag an áit le stair na tíre.

Bhásaigh Mícheál Ó Rathghaille, nó an Rathghailleach, ar Lána Saicbhil (Páráid Uí Rathghaille sa lá atá inniu ann) agus is sna tithe atá luaite leis an bplean a chinn ceannairí an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais ina measc, éirí as an troid.

Foilsíodh inniu an dara tuarascáil ó Ghrúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh. Naoi bpríomhmholadh atá curtha faoi bhráid an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan sa tuarascáil nua. Baineann na moltaí le forbairt uimhreacha 14 go 17 Sráid an Mhúraigh, le margadh Shráid an Mhúraigh, le ról an Stáit sa cheantar agus le plean Hammerson don suíomh i lár na cathrach.

I mí Bealtaine 2017 a bunaíodh Grúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh chun teacht ar chomhaontú idir grúpaí éagsúla faoi fhorbairt an cheantair, ina measc Hammerson, úinéirí nua an tsuímh i lár na cathrach.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil práinn le “creatlach an tséadchomhartha náisiúnta ag uimhir 14-17 Sráid an Mhúraigh a shlánú”. Deirtear gur fearr an plean atá ag Hammerson don cheantar ná an plean a bhí ann roimhe seo agus go bhfuil moladh tuillte ag Hammerson as aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an gceantar i stair na hÉireann. Moltar chomh go ndéanfaí Grúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh a athbhunú mar ghrúpa níos lú “d’fhonn an próiseas a thabhairt ar aghaidh chomh luath agus is féidir”.

Dúirt an tAire Josepha Madigan: “Is céim shuntasach eile chun cinn í seo maidir leis an gcuid ríthábhachtach seo den chathair a athnuachan. Tá na moltaí a chuir Hammerson chun cinn báúil agus ag teacht le stair agus oidhreacht limistéar Shráid Uí Chonaill agus Shráid an Mhúraigh agus is féidir iad a ailíniú leis na cuspóirí atá ann an séadchomhartha ag 14-17 a chosaint.

“Ar an gcaoi sin beifear ábalta é a oscailt don phobal agus oidhreacht thráchtála, shóisialta agus pholaitíochta an limistéir mar cheantar comórtha 1916 a léiriú. Caithfear fáilte a chur roimh na margaí a athbheochan agus ceantar stairiúil mar aon le príomhshráid náisiúnta a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath ar féidir linn a bheith bródúil astu.”

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge