Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Formhór na n-aighneachtaí a fuair an Roinn Oideachais i gcoinne ceadú díolúine a fhágáil faoin bpríomhoide
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-formhor-na-n-aighneachtai-a-fuair-an-roinn-oideachais-i-gcoinne-ceadu-dioluine-a-fhagail-faoin-bpriomhoide

Formhór na n-aighneachtaí a fuair an Roinn Oideachais i gcoinne ceadú díolúine a fhágáil faoin bpríomhoide

Bhí ‘formhór mór’ na n-aighneachtaí scríofa a fuair an Roinn Oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí i gcoinne ceann de na hathruithe is conspóidí a cuireadh ar an gcóras.

De réir na tuarascála faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí na díolúine, thagair breis is dhá dtrian den 149 aighneacht scríofa a fuarthas don mholadh go bhfágfaí faoin bpríomhoide feasta díolúine ón nGaeilge a cheadú.

Go dtí seo bhíodh tuairisc ó shíceolaí riachtanach chun a leithéid a fháil.

Deirtear sa tuarascáil nua ó shaineolaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a rinne anailís ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin gur easaontaigh ‘formhór mór’ de lucht scríofa na n-aighneachtaí leis an ról nua atá tugtha don phríomhoide sa chóras díolúintí.

De réir na tuarascála bhí imní ar lucht scríofa na n-aighneachtaí go mbeadh ardú mór ar líon na ndíolúintí faoin gcóras nua agus go gcuirfeadh tuismitheoirí brú míchuí ar phríomhoidí díolúine a cheadú.

Níor mhol ach “mionlach an-bheag” go bhfágfaí faoin bpríomhoide nó bord bainistíochta an cinneadh faoi dhíolúine a cheadú do dhalta le deacrachtaí foghlama.

Léiríonn an tuarascáil go bhfuil an córas nua díolúintí ag teacht cuid mhór le torthaí an tsuirbhé ar líne a d’fhreagair breis is 11,000 duine mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.

Aithnítear sa tuarascáil, áfach, gur ardaíodh ceisteanna mar chuid den phróiseas faoi bhailíocht agus chur chuige an tsuirbhé féin. Bhí imní ar roinnt daoine faoin modheolaíocht agus faoin bhfoclaíocht a roghnaíodh don suirbhé agus go ndearnadh aimsir na Nollag é. Bhíothas míshásta leis faoin tslí ar bhain an Roinn úsáid as torthaí taighde agus na dréachtchiorcláin á ndearadh acu.

Is sna haighneachtaí scríofa a cuireadh faoi bhráid na Roinne is mó atá neamhréir idir tuairimí an phobail agus na saineolaithe agus an córas nua atá á thabhairt isteach i mbliana.

Deirtear, mar shampla, gurb é an “moladh ba choitianta” a rinneadh sna haighneachtaí gur cheart cosc a chur ar aon dalta a gheobhadh díolúine ón nGaeilge aon nuatheanga iasachta a staidéar, moladh ar tháinig Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne leis níos túisce i mbliana.

Diúltaíodh don mholadh sin.

An dara moladh ba mhó a rinneadh sna haighneachtaí ná go ndéanfaí soiléiriú ar cé acu an nglacfaí le ‘strus agus imní’ mar údar le díolúine a fháil.

An Roinn Oideachais féin a mhol ag tús an phróisis chomhairliúcháin gur chóir an “imní” agus an “strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh sa phlé.

Deirtear sa tuarascáil gur léiríodh tuairimí an-éagsúil sna haighneachtaí faoi cheist na díolúine féin, daoine áirithe a cheap nár mhaith ann an díolúine in aon chor agus daoine eile a cheap gur chóir go mbeadh rogha ag cách díolúine a fháil.

In ainneoin na héagsúlachta sin, deirtear gurb í “an phríomhtheachtaireacht” a bhí sna haighneachtaí ar fad nár cheart leasú a dhéanamh ar chóras na ndíolúintí beag beann ar an gcomhthéacs oideachais agus sóisialta.

Chomh maith leis sin, deirtear gur thug daoine le fios nár cheart leasú a dhéanamh ar pholasaí na díolúine gan leasú a dhéanamh chomh maith ar churaclam na Gaeilge. Bhí an tuairim seo ag daoine beag beann ar a ndearcadh i leith staidéar na Gaeilge.

De réir na tuarascála “príomhphointe” eile a rinneadh sna haighneachtaí ná gur minic míthuiscint ar dhaoine faoi cheangal a bheith idir riachtanais speisialta oideachais agus foghlaim teanga.

Luaitear gur cuireadh raidhse taighde ar fáil don Roinn a léirigh na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachais agus an t-ilteangachais do dhaltaí is cuma a gcumas. Dúradh sna haighneachtaí gur chóir an t-eolas sin a chur ar a súile d’oideachasóirí, do thuismitheoirí agus don dream gairmiúil a bhíonn ag déileáil le daltaí.

Seo ceann de na pointí is mó atá déanta ag an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, duine de na saineolaithe is mó a bhfuil cáineadh déanta aige ar an gcóras nua.

Maidir leis na critéir nua don díolúine, bhí móramh de na daoine a líon an suirbhé ar son fhormhór na n-athruithe atá déanta. Léiríodh roinnt imní faoin moladh gur i rang a trí a chéad cheadófaí díolúine do dhalta a raibh deacrachtaí soiléire foghlama aige ar feadh i bhfad roimhe sin.

Léiríodh imní chomh maith go mbeadh cead díolúine ag aon dalta a mbeadh scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

Maidir le haois na díolúine is ocht mbliana nó ‘rang a dó ar a laghad’ a roghnaigh an Roinn mar chritéar. Níor tháinig aon athrú ar an moladh faoin 10ú peircintíl.

I nGaeilge a bhí 25% de na haighneachtaí scríofa agus i mBéarla a bhí an chuid eile. Ó eagraíochtaí a tháinig 24 de na haighneachtaí agus ó dhaoine aonair a tháinig an 125 eile.

Maidir leis an suirbhé ar líne, i mBéarla a líon 95.3% de dhaoine é.

Bhí ceist na Gaeilge éigeantaí sa treis sa phróiseas comhairliúcháin, go háirithe sa suirbhé ar líne. Deirtear sa tuarascáil go ndúirt roinnt daoine gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach, rud a chuirfeadh deireadh leis an díolúine.

Deirtear sa tuarascáil, áfach, nár thug ach líon beag de na daoine sin aon mhíniú réasúnta ar an moladh sin.

Deirtear sa tuarascáil gur luadh tábhacht na Gaeilge ó thaobh an chultúir i bhformhór na n-aighneachtaí, ach go ndúirt roinnt daoine gur dearcadh cúng ar cad is Gael ann a ghineann Gaeilge ‘éigeantach’.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge