Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • Gavin Ralston – ceoltóir agus léiritheoir ar shlí na fírinne
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gavin-ralston-–-ceoltoir-agus-leiritheoir-ar-shli-na-firinne

Gavin Ralston – ceoltóir agus léiritheoir ar shlí na fírinne

Maidin inné bhásaigh an ceoltóir agus an léiritheoir Gavin Pádraig Ralston in aois a 49 bliain. Bhí Gavin faoi chúram lucht leighis le cúig bliana in iarracht leigheas a fháil ar an ailse phutóige a bhí ag cur as dó. Baile Átha Cliathach ab ea Gavin a bhí ag plé leis an gceol ar feadh a shaoil, agus is maith an seans go raibh an ceol leis sa mbroinn chomh maith. Duine de theaghlach ceolmhar Bheaglaoich as Baile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a mháthair agus is dordghiotáraí é a dheartháir Aongus leis na Waterboys. Léiritheoir ceoil ab ea Gavin a raibh a stiúideo féin aige i gcontae Chill Mhantáin.

Oíche Dé Sathairn seo caite bhí oíche cheoil sa Taibhdhearc ‘Gig for Gav’ ag tacú le Gavin agus a theaghlach agus léirigh na ceoltóirí iontacha a bhí ansin a ngean agus a n-ómós dó le scoth an cheoil. Eagraíodh imeachtaí ceoil eile i gCiarraí agus i mBaile Átha Cliath le bliain anuas agus cóir leighis á cur ar Gavin.

Is beag ceoltóir ná grúpa ceoil sa tír seo nach raibh baint ag Gavin leo, mar ghiotáraí ag ceolchoirmeacha ar fud an domhain nó mar léiritheoir; bhí Gavin luaite le breis is 70 albam ar fad. I measc na ngrúpaí a raibh baint aige leo bhí na Waterboys, PictureHouse, Clannad, The Coronas, Bagatelle, The Receipts, Arcady, Beginish, Mary Black, Sharon Shannon, Frankie Gavin & De Dannan, Donal Lunny, Cormac Breatnach, Begley agus Cooney, Máire Bhreathnach agus an Cheolfhoireann Ceol Tíre. D’oibrigh Gavin mar léiritheoir ar ‘A Fond Farewell’, an ceirnín deiridh a rinne Ronnie Drew.

Chuir Gavin ceol ar fáil ag seónna damhsa le Anúna (Riverdance), Celtic Tiger (Michael Flatley), seó flamenco Rubato agus léiriú de ‘Mother Courage’ le Bertolt Brecht.

D’fhoilsigh Gavin leabhar teagaisc, CD agus DVD do Waltons&Melbey i Meiriceá ar sheinm an cheoil thraidisiúnta ar an ngiotár agus bhí sé ina theagascóir le Music Generation agus ar chlár cumadóireachta amhrán IMRO.

Gaeilgeoir ab ea Gavin a fuair a chuid oideachais dara leibhéal i gColáiste Mhuire, a bhíodh i gCearnóg Pharnell an tráth sin. Fágann Gavin a bhean chéile Sinéad agus a mbeirt pháistí ina dhiaidh, chomh maith lena mháthair Seosaimhín Ní Bheaglaoich, a dheartháir Aongus, a athair Gavin agus a ghaolta agus a chairde ar fud an domhain. Tá deora a titeam ón spéir i mBaile na bPoc inniu.

Bíodh an ceol a chothaigh agus a mhúnlaigh é ina fheartlaoi ag Gavin uasal an cheoil agus na suáilce “ceol nár chualathas riamh ag píobaire sí, ceol a chuirfeadh na réaltaí ag rince i spéartha na hoíche”.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge