Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • domhan
  • Athrú córais ní athrú polasaí atá de dhíth chun an domhan a shábháil

Athrú córais ní athrú polasaí atá de dhíth chun an domhan a shábháil

Kerron Ó Luain

D’fhreastail mé ar an stailc aeráide i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shín. Thuairisc na meáin go raibh thart ar 10,000 duine ann. Bhraith mé féin, agus mé i lár an ruaille buaille, go raibh an dá oiread arís i láthair, ach sin nádúr an duine is dócha.

Dar ndóigh, is mar chuid de stailc dhomhanda ar son na haeráide a eagraíodh an t-imeacht agus mheas an lucht eagraithe gur ghlac thart ar 4 mhilliún páirt ann san iomlán. Bhí idir shlógaí beaga is móra ar gach mór-roinn agus i 163 stát. In Éirinn, chomh maith leis an ardchathair, bhailigh na sluaite i mBéal Feirste, Cathair Chorcaí, Cathair na Gaillimhe, agus in áiteachaí eile nach iad.

Tá Sualannach óg darb ainm Greta Thunberg ina ceannaire ar an ngluaiseacht úr seo. Níl aon dabht ann ach gur bean óg inspioráideach í. Tá comparáid déanta ag daoine áirithe idir í agus fáithe na staire sa mhéid is go séanann sciar maith den phobal an teachtaireacht atá aici. Caitheann daoine eile anuas uirthi go binbeach – fir mheánaosta ach go háirithe. Tá suntas tugtha ag roinnt mhaith tráchtairí cheana don fhuath ban atá taobh thiar den fheiniméan seo. Tugann Thunberg neamhaird ar lucht a cáinte, óir tuigeann sí go bhfuil borradh faoi ghluaiseacht an athraithe aeráide agus go meallfaidh lucht agóide cáineadh ón dream coimeádach cibé ar bith.

zeitgeist ar leith le brath i láthair na huaire maidir le cúrsaí comhshaoil, go háirithe i measc na hóige. É sin ráite, tá codanna áirithe den tsochaí a bhfuil amhras orthu faoin athrú aeráide go fóill – in ainneoin na staidéar eolaíoch uilig a léiríonn an t-ardú teochta, téamh na bhfarraigí agus leá na n-oighearchaidhpeanna. Tá sciar suntasach eile den domhan nach bhfuil ar an eolas faoin damáiste atá á dhéanamh don chóras éiceolaíochta agus aeráide, nó atá róbhuartha faoina saol féin, iad ag streachailt ó lá go lá, chun páirt a ghlacadh sna hagóidí. Cuimhnigh, cé gur mór an méid é 4 mhilliún ar agóid, ní hionann sin ach 0.05% de dhaonra iomlán an domhain. I ndeireadh na dála is ollghluaiseacht ar bhonn i bhfad níos leithne fós atá de dhíth chun na hathruithe riachtanacha ó bhonn atá ag teastáil a bhaint amach.

Tá ceisteanna maidir leis an aicme, agus an córas caipitlíoch mar atá, i gcroílár an scéil seo uilig. Bhí mé féin ar na mórshiúlta móra i gcoinne na cánach uisce ó 2014 i leith chomh maith. Chonacthas dom Dé hAoine seo caite, áfach, go raibh slua éagsúil ag an agóid ar son na haeráide. Cinnte, bhí déimeagrafach difriúil ann ó tharla gur daltaí den dara leibhéal agus mic léinn ollscoile a bhí go mór sa treis á n-eagrú. Ach, i measc na ndaoine fásta a bhí ann, bhraith mé contrárthacht idir na tuineacha meánaicmeacha cathrach ag an agóid aeráide agus na cinn den lucht oibre is cuimhin liom a chloisteáil ag cur in éadan na cánach uisce.

Ní hé go bhfuil farasbarr samhlaíochta agam. Dealraíonn sé go bhfuil an chontrárthacht aicmeach seo ag dó na geirbe do dhaoine go mór mór sa Fhrainc faoi láthair. Is léir ó agóidí na veisteanna buí i gcoinne na cánach carbóin, gurb é an t-iarmhéid bainc atá chun cinn in aigne iad siúd is boichte, beag beann ar an téamh domhanda.

Ach, is é seo bun agus barr an scéil – chomh fada is a bhíonn an córas caipitlíoch i réim cuirfear iallach ar an ngnáthdhuine ualach an aistrithe eacnamaíochta a íoc. Mar sin féin, de bharr na héagothroime déistiní a chothaíonn an córas céanna, áit a bhfuil 45% den saibhreas ag 1% de mhuintir an domhain, ní éireoidh leis na polasaithe “glasa” atá beartaithe. Níl mórán céille leis na polasaithe ar aon chaoi, óir tá an locht ar 100 comhlacht breosla iontaise as 71% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa. Caithfear an chumhacht a bhaint de na comhlachtaí sin agus stop a chur le cleachtas an eastósctha shíoraí a mbíonn siad ina bhun. Ní éireoidh linn nósanna an ghnáthphobail a athrú sciobtha go leor gan sin a dhéanamh.

Is breá leis na meáin bhunaíochta díriú ar nósanna an duine aonair. Cá mhéad plaistigh a úsáideann Síle gach bliain? Cá mhéad feola a itheann Seosamh gach lá? Cá mhéad lítear artola a chuireann Máire ina gluaisteáin gach seachtain? Is truflais é an bhéim a leagann na meáin, an uasaicme pholaitiúil, agus cuid mhaith de ghluaiseacht na nGlasach, orainn mar phobal.

Ar aon chuma, is sop in áit na scuaibe a bheadh in athruithe ar bith den sórt a mholann na Glasaigh mura n-éireodh linn an ceann is fearr a fháil ar na comhlachtaí ilnáisiúnta breosla atá dírithe ar an mbrabús as cuimse amháin. Caithfear an córas seo a éilíonn fás gan teorainn a chur dínn. Is féidir linn é sin a dhéanamh trí ghluaiseacht ón mbun aníos a thógáil – gluaiseacht nach mbraitheann ar pholaiteoirí a n-intinn a athrú, a nascann ceisteanna eacnamaíochta le ceist an athraithe aeráide agus atá diongbháilte ar athrú córais iomlán a bhaint amach.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge