Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • BUISÉAD 2020: Beag dóchas don Ghaeilge seachas ardú d’Údarás na Gaeltachta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buisead-2020:-beag-dochas-don-ghaeilge-seachas-ardu-d’udaras-na-gaeltachta

BUISÉAD 2020: Beag dóchas don Ghaeilge seachas ardú d’Údarás na Gaeltachta

Is annamh go rabhthas ag súil lena laghad ó bhuiséad agus atáthar ag súil leis ó bhuiséad an lae inniu, agus ní taise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é.

Ciorruithe den chuid is mó a bhí i ndán do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán le deich mbliana anuas, cé gur ardú beag a bhí i gceist le cúpla buiséad anuas.

Meastar go bhfógrófar ardú éigin i mBuiséad an lae inniu ar chiste na Gaeilge, ach ní mór an dóchas atá ann gur ardú suntasach a bheidh i gceist.

Meastar go bhfógrófar ardú cúpla milliún ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ach seachas sin níltear ag súil le mórán eile don Ghaeltacht ná don Ghaeilge i mBuiséad atá go mór faoi scáth an Bhreatimeachta.

Buiséad caipitil €8.5 milliún a fógraíodh don Údarás in 2019 agus cuireadh €1.2 milliún leis ina dhiaidh sin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire stáit Gaeltachta Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir gurb é seo lá na cinniúna don Údarás agus don Ghaeltacht.

“Is é Buiséad 2020 uair na cinniúna d’Údarás na Gaeltachta agus dá réir do phobal na tuaithe sa nGaeltacht. Is beag údar muiníne a bheidh ag na pobail sin mura léirítear tiomantas dáiríre don Ghaeltacht agus arduithe cearta a chur ar mhaoiniú Údarás na Gaeltachta.”

“Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Údarás ar aon dul le háisíneachtaí eile agus mura ndéantar sin is amhlaidh go mbeidh tosaíocht níos lú á tabhairt do shaoránaigh na Gaeltachta agus níl muid sásta glacadh leis sin, “ a dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir.

As an mbreis is €5.5 billiún breise a fógraíodh i mbuiséad na bliana seo caite níor cuireadh ach €5 milliún ar leataobh do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán – léiriú, dar leis an bhfreasúra gur ‘béalghrá’ amháin a bhíonn ar siúl ag an Rialtas i dtaobh na teanga.

Tháinig laghdú 65% ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 2008 agus tá laghdú €5 milliún tagtha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón mbliain chéanna.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe €5 milliún breise a chur ar leataobh i mbuiséad an lae inniu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

€3 milliún atá á lorg don Údarás agus tá an €2 milliún eile á lorg don phleanáil teanga agus do scoláireachtaí agus scéimeanna eile.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge tráthnóna inné go raibh lucht na heagraíochta ag “súil go mór go dtabharfaí cothrom na Féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” i mBuiséad 2020.

Bhí sé ag súil go háirithe go bhfaighfí éisteacht maidir leis an €3 milliún breise atá á lorg d’Údarás na Gaeltachta agus “an Breatimeacht ag bagairt go mór ar chúrsaí fostaíochta agus fiontraíochta sa Ghaeltacht cosúil le gach áit eile”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary le Tuairisc.ie go raibh brú curtha ag a pháirtí ar an Rialtas sna cainteanna réamhbhuiséid cur le ciste na Gaeilge.

“Lorgaíomar maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta, d’Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus do na comharchumainn Gaeltachta.

“Tá fadhb mhór ag na heagraíochtaí sin maidir le maoiniú agus ba chóir aghaidh a thabhairt air sin sa Bhuiséad,” a dúirt leascheannaire Fhianna Fáil.

Dúirt sé chomh maith go raibh sé tábhachtach go mbeadh tacaíocht láidir ar fáil sa bhuiséad chun ceantair Ghaeltachta a chosaint ón mBreatimeacht.

Is beag seans go dtiocfaidh aon athrú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge i mBuiséad 2020 mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne cúpla uair le déanaí gurb é an cur chuige atá aige le teacht timpeall ar an tsáinn sin ná maoiniú a chur ar fáil díreach óna Roinn do na ceanneagraíochtaí do thograí áirithe.

Tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus páirtithe an fhreasúra ag iarraidh chomh maith go dtabharfaí ar ais an scéim deontais faoina n-íoctaí as an tréimhse a chaitheann ábhar oidí sa Ghaeltacht. 

Thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios sa Dáil le déanaí go raibh an cinneadh deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á mheas arís ag an Roinn Oideachais. 

Cé gur thug sé sin dóchas áirithe do na heagraíochtaí tá amhras fós ar dhaoine go dtabharfar ar ais an deontas ó tharla go bhfuil McHugh ag cloí leis an bport nach bhfuil an t-airgead ann chun an deontas a thabhairt ar ais faoi láthair, port a chualathas ó gach aire oideachais ó 2011 i leith.

€1.8 milliún a chosnódh sé an deontas Gaeltachta seo a thabhairt ar ais.

Ní mór an dóchas ach oireadh go bhfógrófar ardú ar an liúntas a íoctar le ‘mná tí’ na Gaeltachta, cé go ndúirt Aire Stáit na Gaeltachta an tseachtain seo caite go raibh ceist an liúntais “á meá i gcónaí”.

Ar na réimsí caiteachais eile a mbeidh súil ghéar á coinneáil ag eagraíochtaí teanga orthu inniu tá an phleanáil teanga.

Níor chaith Roinn na Gaeltachta €645,000 den airgead a cuireadh ar leataobh don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mbuiséad na bliana seo caite agus b’amhlaidh an scéal, a dúradh, mar gheall ar mhoill ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Beagán faoi bhun €1 milliún atá caite go dtí seo ar phleananna teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht cé go bhfuil i bhfad níos mó ná sin fógartha don phleanáil teanga ag an Rialtas.

Beidh TG4 ag súil le hardú inniu chomh maith agus é ráite cheana acu go mbeidh sé “thar a bheith deacair” straitéis cúig bliana an stáisiúin a chur i gcrích mura gcuirtear tuilleadh maoinithe ar fáil dóibh. 

Mhol an BAI anuraidh go dtabharfaí €6 milliún breise in aghaidh na bliana ar fáil do TG4 agus iad den tuairim nach mbeidh an stáisiún inmharthana má bhíonn siad taobh leis an maoiniú atá acu faoi láthair.

Má tá aon ardú i ndán do TG4 inniu, ní dócha go mbeidh sé chomh mór sin, áfach.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge