Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-10-logainm-is-scanrula-in-eirinn!

Na 10 logainm is scanrúla in Éirinn!

B’fhéidir go bhfaca tú scáth éigin ar an mballa ach nach raibh aon ní le feiceáil amuigh sa chlós. Chuala tú torann aisteach nó coiscéim ar an staighre. Gach seans gur bhraith tú go raibh créatúr éigin sa seomra in éineacht leat… sea, tá Oíche Shamhna buailte linn arís.

Ar an oíche dhubh dhorcha seo fadó, gan de sholas ach solas na gealaí agus na réaltaí, chreid daoine go láidir sna sióga agus i neacha osnádúrtha eile.

Bhí siad den tuairim go raibh na sprideanna an-ghníomhach ar an oíche seo. Cheap siad gur fhill anamacha na marbh ar a dtithe chomh maith nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh agus fágadh bia, deochanna, cathaoireacha agus tine mhaith sa chistin dóibh.

Bhí an taobh diamhair sin den saol beo sna logainmneacha freisin, agus anseo thíos tá cuid de na hainmneacha áite a bhaineann leis an séasúr pisreogach neamhshaolta seo. Bí ar d’aire, teastaíonn misneach léamh níos faide…!


10. Goirtín na Samhna, Corcaigh

Ceart go leor, níl an ceann seo chomh scanraitheach sin ach tá sé breá oiriúnach don lá atá ann.

Faightear an mhír ‘Samhain’ i roinnt logainmneacha ar fud na tíre agus míníonn an staraí P.W. Joyce dúinn gur chruinnigh daoine le chéile anseo chun cheiliúradh a dhéanamh ar an bhféile an tráth seo bliana:

“Rinneadh ceiliúradh ar mhórfhéile na Samhna ag Tlachta, féile a bhunaigh Tuathal, ach reáchtáladh féilte níos lú ar fud na tíre an lá céanna, agus i roinnt de na háiteanna sin tá an t-ainm ‘Samhain’ fós ann, é ina chuimhneachán ar na seanlaethanta sin.” (I, 203).


9. Sliabh na Caillí, An Mhí

Deirtear gur chónaigh An Chailleach Bhéarra, nó an Gharbhóg mar a thugtar uirthi go háitiúil, san áit seo in iarthuaisceart na Mí. Shuigh sí i gcathaoir chloiche darb ainm ‘Cathaoir na Caillí’ agus bhreathnaigh sí ar a dúiche.

Is é an 1 Samhain an chéad lá den gheimhreadh agus banríon an gheimhridh a bhí sa Chailleach Bhéarra ar ndóigh. D’iompar Garbhóg clocha ina haprún agus chruthaigh sí na cairn atá fós ann inniu agus í ag léim ó bharr go barr na gcnoc.

Íomhá: ‘An Gharbhóg ag Sliabh na Caillí’ (Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0717, lch 006)


8. Gort an Ghósta, Corcaigh

Bú!

Is léir go mbaineann ainmneacha mar seo le béaloideas an cheantair. Tá dúchas.ie lán le scéalta faoi thaibhsí a lean daoine trí na páirceanna agus iad ag dul abhaile go déanach.

Is seánra scéalaíochta ar leith é taibhseoireacht agus bheadh an-tóir ar an taibhseoir (duine a insíonn scéalta taibhsí) ag an tráth seo den bhliain. Cúpla sampla eile ná Baile an Scáile, Dún na nGall, agus Droim Arrachta, Fear Manach.


7. Droichead an Phúca, Gaillimh

Arís, tá roinnt logainmneacha sa tír ina bhfuil an focal ‘púca’ ach san áit áirithe seo thug fear dúshlán na bpúcaí agus d’fhoghlaim sé ceacht dá réir!

“Tá seandroichead in aice Uachtar Ard, ar a dtugtar Droichead an Phúca air. Bhí fear meisge ag teacht ó Uachtar Árd oíche amháin agus nuair a bhí sé ag dul thar an Droichead dúirt sé leis na púcaibh teacht amach agus troid a dhéanamh. Thosaigh na púcaí á bhualadh ach ní raibh sé in ann aon rud a fheiceáil agus is beag nár mharaigh siad é”. (Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, lch 352).


6. Binn Sí, Baile Átha Cliath

Tá an ceann seo píosa beag níos scéiniúla i mBéarla mar is ‘Banshee’ atá ar an áit! Ní bhaineann sé leis an mbean sí in aon chor áfach, ach le síoga agus le cnoc gar don teorainn le Cill Dara

Ag caint ar an mbean sí féin, tugtar an bhadhbh uirthi chomh maith agus is cosúil go raibh traidisiún na baidhbhe an-láidir i bPort Láirge mar gheall ar an méid logainmneacha a bhaineann léi sa chontae sin, mar shampla Cathaoir na Baidhbe agus Tobar na Baidhbe.


5. Loch na Fuaiche, Gaillimh

Tagann ainm an locha seo óna chruth. Tá cuma na huaighe air agus feictear sin go soiléir ar léarscáileanna.

Rinne T.S. Ó Máille cur síos air: “This name is properly Loch na Fuaighe, lake of the fissure, lake of the trench. The word fuaigh is a by-form of uaigh ‘grave’, both of which are used in place-names for a long, narrow fissure, trench, or grave-like opening in the ground.” (1952: 29).

Deas!


4. Poll an Diabhail, Ciarraí

Seo scéal na háite seo, mar atá i mBailiúchán na Scol:

Chónaigh sárimreoir cártaí gar do Thrá Lí fadó. Rinne an diabhal iarracht anam an fhir óig seo a ghoid. Chaill an fear óg a chuid airgid ar fad oíche amháin ach thug an diabhal (i riocht fir) airgead ar iasacht dó. Shocraigh siad am cruinnithe le chéile. D’inis an fear óg an scéal dá mháthair agus fuair sí comhairle ón sagart. Chuaigh an sagart in éineacht leis an bhfear chun bualadh leis an diabhal, mar thuig siad go baileach cé a bhí ann. Sheas an diabhal os a gcomhair agus chonaic siad slabhraí ina lámha agus lasracha ina shúile. Chaith an sagart uisce coisricthe ar an diabhal. Lig sé scread uafásach as! D’oscail poll mór sa talamh agus d’imigh an diabhal as radharc. Tugadh ‘The Devil’s Hole’ ar an bpoll agus tá sé fós le feiceáil sa pháirc inar tharla an eachtra seo. (Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0440, lch 254-5).


3. Poll Ifrinn, Ciarraí

Is ‘Hell Hole’ ceart é an ceann seo! Is é atá i bPoll Ifrinn (nó ‘The Devil’s Punchbowl’) coire ina bhfuil loch ón oighearthréimhse.

Fuair sé a ainm ó fhinscéal áitiúil. Deirtear gur ith an tiarna, Ó Donnchadha Mór, béile leis an diabhal ar an Mangarta. Thosaigh siad ag argóint faoi phointe áirithe, bhuail an tiarna an diabhal agus rith sé síos an sliabh chun éalú uaidh. Rug an diabhal greim fiacla ar chuid de bharr an tsléibhe agus chaith sé amach é ina dhiaidh. Theip air an tiarna a bhualadh agus thit an píosa den sliabh isteach i Loch Mhucrois, rud a chruthaigh ‘Oileán na nDiabhal’ ann.


2. Ballindollaghan, Ros Comáin

Níl leagan deimhnithe den logainm seo ann go fóill ach tugtar an míniú ‘Lawn of the Hobgoblin’ dúinn agus is cosúil go mbaineann sé leis an ‘dullahan’.

Is beag tagairt atá déanta don ‘dubhlachán’ seo i mBailiúchán na Scol ach ba chréatúr uafásach é. Deirtear gur marcach gan chloigeann ab ea é agus gur thiomáin sé cóiste bodhar. Tá scéalta ann faoi in áiteanna éagsúla sa tír agus, i bhfianaise an bhéaloidis, chaith sé fuil ar dhaoine a chonaic é ar a bhealach chun a n-anamacha a bhailiú!


1. Sleacht Ábhartaigh, Doire

Taitníonn Dracula le daoine ar fud na cruinne agus comórtar Bram Stoker, údar an úrscéil, le linn an tséasúir seo go háirithe.

Tháinig muintir athair Stoker as Doire ó dhúchas agus tá roinnt scoláirí den tuairim go bhfuair Bram inspioráid dá scéal cáiliúil ón bhfinscéal áitiúil seo.

Tiarna an-chruálach ab ea Abhartach a chuir sceon i gcroí a dtionóntaí. Mharaigh tiarna eile é ach d’éirigh Abhartach ón uaigh ag lorg… díoltais? Ní hea! Theastaigh babhla fola (fuil a dtionóntaí – cad eile?) uaidh chun maireachtáil.

Fuair an tiarna eile agus na tionóntaí cabhair ó dhraoi (nó ó naomh) agus cuireadh Abhartach sa talamh arís, ach bunoscionn an t-am seo. D’fhág siad clocha móra ina seasamh ar bharr na huaighe le cinntiú nach dtiocfadh an fear ar ais ó na mairbh.

Tá na clocha fós ann agus ainmníodh an ceantar as an vaimpír Gaelach seo, an tíoránach Abhartach.


An bhfuil cur amach agaibh ar logainm níos uafásaí fós nach bhfuil luaite againn? Fágaigí trácht thíos nó bígí i dteagmháil linn ar FacebookTwitter – ba bhreá linn cloisteáil uaibh… Oíche Shamhna Shona Daoibh go léir!

Is féidir Michelle a leanúint ar Twitter ag @MichNiDhuinn

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge